Rang a hAon & Rang a Dó

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Pdf Leabhar Oibre do Rang a hAon agus Rang a Dó
Size: 7.1M bytesModified: 10 February 2011, 13:08

Tá an Leabhar Oibre seo dírithe ar dhaltaí Rang a hAon agus Rang a Dó. Tá na fiosrúcháin agus na gníomhaíochtaí ann tarraingteach do leanaí atá, ag an aois seo, fiosrach, níos mó tóir acu ar obair phraiticiúil, ag forbairt saoránachta agus ag forbairt cumais chognaíocha trí theanga.

Mothóidh na leanaí gur fíor-bhleachtairí éiceolaíocha iad trína dtimpeallacht áitiúil a fhiosrú trí thailte na scoile a chíoradh, foghlaim faoi cá as a dtagann pacáistiú agus faoin tslí a ndéanamid diúscairt ar phacáistiú, agus foghlaim faoin éifeacht a bhíonn acu féin ar an gcomhshaol.


Spreag na leanaí chun cur síos a dhéanamh ar gach a bhfeiceann siad trí labhairt agus tarraingt. Is fearr na leanaí a thabhairt amach taobh amuigh nuair a bhíonn aimsir thirim ann – baineann gach duine níos mó taitnimh as.

Is féidir leis na leanaí pictiúir a tharraingt faoina bhfeiceann siad agus faoina bhfaigheann siad; is féidir na pictiúir seo a chur ar taispeáint sa seomra ranga nó timpeall na scoile le go mbeidh gach duine in ann taitneamh a bhaint astu!

Ábhar

Fiosrúchan 05: Ár dtimpeallacht áitiúil

  • Imscrúdú 05: Cad as a bhfuil sé déanta i ndáiríre?

Fiosrúchán 06: Cad as a bhfuil sé déanta i ndáiríre?

  • Imscrúdú 06: Arán a Dhéanamh

Fiosrúchán 07: Pacáistiú, Pacáistiú, Pacáistiú

  • Imscrúdú 07: Pacáistiú, Pacáistiú, Pacáistiú

Fiosrúchán 08: Fiosrúchán 08: Táirgí a úsáidimid a athchúrsáil

  • Imscrúdú 08: An Bhileog Phleanála don Imscrúdú ar Bhia

Fiosrúchán 09: Cad a dhéanaim.... Cad a d’fhéadfainn a dhéanamh?

  • Imscrúdú 09: Cad is féidir liom a dhéanamh?

Rudaí spraoiúla: Eco Detecitves game