Rang a Trí & Rang a Ceathar

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Pdf Leabhar oibre do Rang a Trí agus Rang a Ceathair
Size: 7.1M bytesModified: 10 February 2011, 13:15

Tá an Leabhar Oibre seo dírithe ar dhaltaí Rang a Trí agus Rang a Ceathair. Tá na fiosrúcháin agus na gníomhaíochtaí ann tarraingteach do leanaí ar chóir dóibh, ag an aois seo, a bheith tosaithe ag úsáid teicnící réiteach fadhbanna; a bheith oscailte do chleachtaí maidir le smaointeoireacht chriticiúil agus ceisteanna crua; agus a bheith ag obair go heolaíoch, agus iad ag forbairt feasachta faoina gcuid idirghníomhaíochta sóisialta agus pearsanta le daoine eile.


Mothóidh na leanaí gur fíor-bhleachtairí éiceolaíocha iad trí scrúdú a dhéanamh ar an tslí a dtaistealaíonn siad laistigh dá dtimpeallacht áitiúil (m.sh. turais chun na scoile); trí fhoghlaim faoi thomhaltas breosla, an éifeacht a bhíonn aige sin ar an gcomhshaol agus an tslí a gcuireann sé le hathrú aeráide (an Iarmhairt Cheaptha Teasa / Téamh Domhanda). Spreag na leanaí chun cur síos a dhéanamh ar gach a bhfeiceann siad trí labhairt agus tarraingt.

Is fearr na leanaí a thabhairt amach taobh amuigh nuair a bhíonn aimsir thirim ann – baineann gach duine níos mó taitnimh as. Is féidir leis na leanaí pictiúir a tharraingt faoina bhfeiceann siad, faoina bhfaigheann siad agus faoina scrúdaíonn siad; is féidir na pictiúir seo a chur ar taispeáint sa seomra ranga nó timpeall na scoile le go mbeidh gach duine in ann taitneamh a bhaint astu!

Ábhar

Fiosrúchán 10: Turais inár gCeantar

  • Imscrúdú 10: Cé na turais a dhéantar inár gceantar?

Fiosrúchán 11: Turais inár gCeantar

  • Imscrúdú 11: Ar chóir do Sheán rothaíocht chun na scoile?

Fiosrúchán 12: Turais inár gCeantar

  • Imscrúdú 12: Cé chomh truaillithe is atá an t-aer?

Fiosrúchán 13: An Iarmhairt Cheaptha Teasa

  • Imscrúdú 13: Turgnamh ar an Iarmhairt Cheaptha Teasa

Fiosrúchán 14: An méid a dhéanaimid!

  • Imscrúdú 14a: Rudaí a dhéanaim
  • Imscrúdú 14b: Rudaí a d’Fhéadfaí a Dhéanamh

Acmhainn idirghníomhach

Míniú ar an Iarmhairt Cheaptha Teasa (le fáil ar CD-ROM nó ar rannóg na mbunscoileanna ag www.enfo.ie)

Rudaí spaoiúla