Fiosrúchan 10

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.




Cad a dhéanaim...cad a d'fhéadfainn a dhéanamh?


Príomhcheisteanna
Cé na turais a dhéantar inár gceantar?
Conas a théimid ar scoil?

Iimlíne
Cuireann na leanaí tús le fiosrúchán faoi thaisteal ina gceantar féin. Déanann siad machnamh ar an tslí a ndéanann siad turais éagsúla agus ar an tslí a bhféadfadh cineálacha éagsúla taistil tionchar a imirt ar an gcomhshaol.


Féadfaidh múinteoirí na focail leide seo a leanas a thabhairt do na leanaí: Taisteal, Conas, Cén Fáth, Cad, Tionchar, Comhshaol, Athrú Aeráide, Todhchaí, Carr, Rothar, Inmharthana, Iompar.

Ullmhúchán

Ba chóir do mhúinteoirí a bheith ar an eolas faoi na cuir chuigí fiosrúcháin/imscrúdaithe ar SESE (féach Cártaí Acmhainní 24-26) – tíreolaíocht sa Churaclam Bunscoile ach go háirithe.

Torthaí foghlama

Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • cur síos ar thurais a dhéantar sa cheantar ag daoine nó ag ainmhithe m.sh. eitleáin lastuas, leanaí á dtiomáint chun na scoile, beacha ag eitilt, srl.
  • ceisteanna faoi thaisteal sa cheantar a cheapadh;
  • cinneadh a dhéanamh faoi shonraí maidir le taisteal sa cheantar agus iad a bhailiú; agus
  • torthaí a bhaineann le taisteal sa cheantar agus an tionchar a bhíonn aige ar an gcomhshaol a chur in iúl.

Acmhainní

  • Cláir fháisce/leabhar nótaí
  • Bileog imscrúdaithe: Cé na Turais a Dhéantar Inár gCeantar (Imscrúdú 10)
Pdf Imscrúdú 10: Cé na turais a chéantar inár gceantar?
Size: 24.7K bytesModified:  9 February 2011, 16:18

Gníomhaíochtaí foghlama

1. Breathnaíonn na leanaí ar thurais a dhéantar sa cheantar agus comhlíonann siad an Bhileog Oibre in Imscrúdú 10.

2. Scríobhann na leanaí síos ceisteanna a bhaineann le taisteal ina gceantar ar phíosaí dramh-pháipéir. Sórtálann na leanaí na ceisteanna ina gcatagóirí.


3. Forbraíonn na leanaí ceisteanna ‘móra’ faoi iompar ina gceantar, m.sh.

  • Conas a thaistealaíonn daoine sa cheantar, ag dul ar scoil san áireamh?
  • Cén fáth a mbíonn daoine ag taisteal mar a bhíonn?
  • Cén tionchar a bhíonn aige sin ar an gcomhshaol?

4. Déanann na leanaí cinneadh faoi na sonraí a bheidh orthu a bhailiú chun a gcuid ceisteanna a fhreagairt – d’fhéadfadh go mbeadh gníomhaíochtaí eile sa phacáiste acmhainní seo san áireamh.

5. Bailíonn na leanaí na sonraí; d’fhéadfadh go mbeadh suirbhéanna, agallaimh, srl. san áireamh.

6. Féadfaidh na leanaí na turais a dhéantar sa cheantar a mhapáil/a tharraingt.