Amhráin

An Chaise Gharbh

Peadar Ó hAnnracháin

Cló na gCoinneal, 1918, 31 leathanach

Is bailiúchán é seo de sé dhán déag. Is féidir cuid de na dánta seo a chanadh le foinn aitheanta ar nós 'Bean Dubh a' Ghleanna' agus 'An Maidrín Rua'.

Is cosúil gur chum an file na dánta seo i 1918 le linn dó a bheith i bpríosún 'Arbour Hill'.

Léiritear grá d'Éirinn, don Ghaeilge agus don dúlra i saothar an fhile Chairbre seo.

Abhráin Gaedhilge an Iarthair

Micheál Ó Tiománaidhe a chruinnigh

M.H. Gill agus Gaelic League, BAC, 1906. Le foclóir.

Chruinnigh sé na hAmhráin thart i gCo. Mhaigh Eó (Inis Gé, Acail, Iorras, Teach na mBocht agus Béal an Mhuirthid).

I measc na n-amhráin tá: Contae Mhaigh Éo, Caoineadh na Baintrí, Sadhbh Ní Mhuinídhle, Abhainn Mhór, Sail Óg Ruadh, Eóghan Cóir, Cúl na Beinn agus An Caiptín Ó Maille.

Duanaire Gaedhilge , Iml. I

Duanaire Gaedhilge Iml.I_01
Public Domain

'Nuasacht de na Sean-Amhránaibh is áilne agus is mó clú.'

Róis Ní Ógáin do chruinnigh agus do chuir i n-eagar.

Comhlucht Oideachais na hÉireann, Tta. 1921. 120 leathanach.

Seod cnuasach de na sean-amhráin "is áilne agus is mó clú" mar a deir sé ar an leathanach teidil. Sa réamhrá tugann 'An Craoibhín' árd-mholadh don údar a chruinnigh na h-amhráin seo agus a chuir in eagar iad. Tá an leabhar roinnte ina cheithre chuid: Amhrán Simplidhe, Amhrán Ghrádh, Amhrán Eile agus Amhrán Diadha. Tá nótaí agus foclóir san aireamh. Leabhar álainn spéisiúil.

Duanaire Gaedhilge , Iml. II

Róis Ní Ógáin do chruinnigh agus do chuir i n-eagar.

Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teor,, 89 Sráid an Talbóidigh, B.Á.C., 168 leathanach.

Mhair na Filí atá sa leabhar seo idir na blianta 1600 agus 1800. Is sár-fhilí chuile dhuine acú. Tá filíocht Eoghan Rua Ua Shuilleabháin agus Thaidhg Gaedhealach Ó Suilleabháin le fáil sa leabhar álainn seo.

Sídheog na Rann

Sean-amhráin Ghaedhilge ó Chuigeadh Chonnacht.

'Seo chugaibh an tsídheóg 's ná bíodh oraibh faithcheas Ní stopfaidh is ní staonfaidh go deó fhad a mhairfeas.

An Gruagach Bán (Colm Ó Gaora) do bhailigh.

Connradh na Gaedhilge, 1911, 38 leathanach.

Deich gcinn d'amhráin a bhailigh Colm Ó Gaora atá sa leabhar seo. Bhailigh sé na hamhráin i Rosmuc, Gaoth Sáile, agus i Loch Conaortha i gCo. na Gaillimhe agus i gCo. Mhaigheo.
háinig péire de na hamhráin ó bhuachaill beag sé bliana d'aois as Rosmuc. Bhí Colm Ó Gaora ina mhúinteoir taistil ag Connradh na Gaeilge agus é ag obair i Maigheo. Chaith sé tréimhsí i bpríosún in Éirinn agus i Sasana de bharr an bhaint a bhí aige le hÉirí Amach 1916, agus aríst de bharr é a bheith gníomhach san troid ina dhiaidh sin.


Next - Amhráin IInext