Finscéalta IV

Tóruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne

An tAthair Peadar Ó Laoghaire

Curtha amach don 'Society for the Preservation of the Irish Language'. M. H. Gill and Son, O'Connell Street, Dublin. 1906. 171 leathanach.

An scéal cáiliúil grá faoi Dhiarmuid agus Gráinne. Tá leagan Béarla freisin sa dara leath den leabhar.
 

Bricriu

An tAthair Peadar Ó Laoghaire

Brún & Ó Nualláin, Teo., 115 leathanach.

Finscéal ón Méan Ghaeilge é seo atá tugtha suas chun dáta ag Peadar Ó Laoghaire. Tá an scéal spéisiúil mar go dtugann sé léargas dúinn ar an gcultúr Réamh-Chriostaíoch in Éirinn. Duine d'uaisle Uladh b'ea Bricriú le linn aimsir Chonchubhair Mhic Neasa.

An Ceithearnach Caoilriabhach

Pádraig Ua Síochfhradha (An Seabhac)

Connradh na Gaedhilge, 1910, 48 leathanach.

Eachtraí an Cheithearnaigh agus é ar cuairt ar Chúigí na hÉireann. Fear garbh, granna, drochmheasúil a bhí ann, droch éadach air agus buataisí a bhíodh lán le huisce. Bhi sé inann an ceann is fearr a fháil ar Ríthe agus Tiarnaí na gCúigí agus ní raibh aon bheann aige ar aon arm.
 

Inghean Mhanannáin

Liam P. Ó Rian, Réamhradh le "Conán Maol"

An Gaedheal-Chomhlucht, Teo., 42 Sráid na Mainistreach, B.Á.C. 1922. 29 leathanach.

Mar bheadh súil leis ón teideal, is sean-scéal Fiannaíochta é seo. Bhí buachaill ag siúl an róid agus casadh 'Daoine' dó ar an mbealach agus phlé siad cúrsaí na hÉireann.

Eachtra Lomnochtáin

Eoin Mac Néill, B.E. D.lit. a chur in eagar

Connradh na Gaedhilge, 96 leathanach.

Foilsíodh an téacs den chéad uair maraon le haistriúchán Béarla in Irisleabhar na Gaeilge 'sna blianta 1897 - 1899. Scéal Fiannaíochta; Fionn, Conán Maol, Diarmad Ó Duibhne, Goll Mac Mórna &rl.


previousPrevious - Finscéalta III