Foghlaim na Gaeilge II

Céad Leabhar Gaedhilge

Na mBráthar gCriostamháil.

M.H. Mac An Ghoill, agus a Mhac. 1907. 24 leathanach.

Leabhar gearr, Gaeilge do bhunranganna. Cuirtear béim ar chleachtadh na bhfuaimeanna. Tá réamhrá do mhúinteoirí ag míniú dóibh an bealach is fearr an teanga a mhúineadh. Meabhraitear do mhúinteóirí a bheith "beo, anamiúil" cé "nach ionann sin agus bheith neamh-fhoighneach".

Hand-Book of Modern Irish

Seaghán P. Mac Énrí, D.L.

M. H. Gill & Son, Limited, Upper O Connell Street, Baile Átha Cliath. 1905. 104 leathanach.

Cuireadh an leabhar seo i dtoll a chéile i gcóir le scoláirí sna meánscoileanna agus i ranganna Gaeilge.

Anecdota From Irish Manuscripts

Curtha in eagar ag O.J. Bergin, R.I. Best, Kuno Meyer, J. G. O Keeffe.

Halle A. S. Max Niemeyer, Dublin. Hodges, Figgis & Co., Ltd. 1907. 80 leathanach.

D'Fhoilsigh mór-scoláirí na Gaeilge sraith de na téacsanna seo ó lámhscríbhinní na Gaeilge chun ábhar nua a chur ar fáil do mhicléinn agus do theangeolaithe. Is athscríbhinní atá sna téacsanna seo a tógadh óna leithéad d'Annala na gCeithre Máistri, A.D. 686. Bhí sé ar intinn ag na h-eagartheóirí imleabhar nua a fhoilsiú chuile shé mhí ag braith ar an éileamh a bhí ar an ábhar. Ocht dtéacs ar fad atá in imleabhar a haon. Tá fonótaí leis na téacsanna ar fad. Ina measc tá 'An tAgallamh idir Fhiontán agus Seabhac Acla'.

Gaedhilg sa mBaile

Gaedhilg sa mBaile01
Public Domain

Máire Ni Cheallacháin.

Maunsell and Roberts. 1922. 76 leathanach.

Scríobhadh an leabhar seo do dhaoine a bhí ag fóghlaim na Gaeilge sa bhaile. Moladh don fhóghlaimeoir abairt amháin a chur de ghlan mheabhair chuile lá. Tá an leabhar bunaithe ar chomhráití ar nós 'Ag Tae' agus 'Tinneas agus Sláinte'. Suimiúil go leor fáigheann muid léargas ar na h-imeachtaí a bhí ar siúl i mB.A.C. i gcomhrá idir beirt dheirfiúr agus iad ag caint faoi 'Cuirfiú' agus na 'Dubhchrónaigh' nó na 'Black and Tans'. I litir den 14ú Aibreán 1921, guíonn Síle go mbeidh deireadh leis an gcogadh agus go mbeidh siochán agus saoirse acu. Leabhar spéisiúil.

Progressive Studies in Irish Book 1

J.P. Craig

D.G. Craig and Co. , 1921, 40 leathanach.

Leabhar gramadaí í seo le foclóir agus ceachtanna le n-aistriú i mBéarla agus i nGaeilge. Tá an aibítir tugtha i nGaeilge agus i mBéarla ag tús an leabhair agus ar a cúl tá amhrán Gaeilge 'An Sean Chat' le nótaí agus focail. Tá foclóir ann chomh maith.

Ceachta Cainnte Gramadaigh

Seaghan Ó Catháin

M.H. MacGuill & a Mhac Teo., 1909, 147 Leathanach.

Tá an réamhrá i mBéarla. An Briathar, An tAinm, An tAidiacht agus Forainmneacha. Bhí na ceachtanna seo á múineadh le deich mbliana roimhe sin in áiteacha éagsúla. Ceapadh go mba cheart na ceachtanna a chnuasach agus a fhoilsiú. Sin atá sa leabhar seo.


previousPrevious - Foghlaim na Gaeilge
Next - Foghlaim na Gaeilge IIInext