Gearrscéalta II

Selections from Keatings "Three Shafts of Death"

Edited by Rev. F.W. O' Connell, Litt.D

Maunsel & Co., Limited. 1910. 52 leathanach.

Bhí an leabhar as cló i 1910 agus dhá bhrí sin shocraigh an t-eagarthóir na piosaí gearra seo a chur i ghcló. Tá cuid mhór de na piosaí seo faoin mbáis le teidil mar seo leanas. 'Comharthaí an Bháis' agus 'Sochraide na Marbh'.

Aesop a tháinig go hÉirinn

An tAthair Peadar Ó Laoghaire, P.P.

Norma Borthwick a chuir in eagar.

The Irish Book Company, 35 Upper O'Connell Street. 1902, 64 leathanach.

Tá cuid de fhabhal scéalta Aesop le fáil sa chnuasach álainn seo. Ina measc tá "Bean na Circe" agus "An Gadhar agus an Mactíre". Tá an téacs i nGaeilge agus i mBéarla. Tá ceachtanna le fóghlaim ag an léitheoir ó scéalta Aesop agus is féidir linn iad sin a léamh ag deireadh gach scéal. Tá notaí ar chúl an leabhair. Tá leathanach teidil an leabhair an-deas.

An Grádh agus an Ghruaim

Seosamh Mac Grianna

Muintir C.S. Ó Fallamhain, Teo., 1929, 120 Leathanach.

Tá naoi gcinn de ghearrscéalta le Mac Grianna san leabhar seo. Is é an ceann is faide ná an gearrscéal stairiúil 'Creach Chuinn Uí Dhómhnaill' atá an-spéisiúil.

Scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais

The Phoenix Publishing Co., Ltd. 268 Leathanach.

Leabhar an-bhreá do scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais. Tá na dá dhrámaí An Rí agus Íosagán ann, chomh maith lena chuid scéalta, dánta agus aistí as an mBarr Buadh. Léargas iontach ar shaothar litríochta an Phiarsaigh.
 

Grinn Sgéalta

Seán Ó Ruadháin

Comhlucht Oideachais na hÉireann, teo., 1929, 64 leathanach.

Ceathaireacha scéilin beag, iad go léir bunaithe ar sean-fhocail.





 

Scéalta Triúir

Connradh na Gaedhilge, Oireachtas 1919.

Is bailiúchán de cúig déag scéalta do pháistí a cumadh do Chomórtas an Oireachtais i 1919 é seo. Tá saothar de chuid thrí údar sa leabhar - Conchubhair Ó Deasmhumhna, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaigh; Micheál Breathnach as Ros Cré; agus Pádraig Ághas, Dún Beag. Luaitear ainmhithe, fathaigh, Laochra na bhFianna agus taibhsí sna scéalta.


previousPrevious - Gearrscéalta
Next - Gearrscéalta IIInext