Gearrscéalta III

Scéilíní Anall

Oireachtas 1920. Connradh na Gaedhilge B.Á.C. 1920. 75 leathanach.

Scéalta a bhain duaiseanna amach ag Oireachtas 1920, i gcomórtas a trí. Gearrscéalta aistrithe ó theangacha iasachta. Tá cuid ón bhFraincís, agus ón mBéarla. Tá ceann le Edgar Allen Poe, ceann le Standish O' Grady.

Éan an Cheoil Bhinn

Imeachta an Oireachtais, 1901.

Seosamh Laoide do chur i n-eagar.

Connradh na Gaedhilge B.Á.C. , 1908. 76 leathanach.

Insíodh trí cinn de na scéalta sa leabhar seo ag an Oireachtas sa bhliain 1901 agus chuir an t-eagarthóir Seosamh Laoide an dá scéal deiridh síos é féin. Scéalta ó Chúige Chonnacht atá i scéalta an Oireachtais agus ba é Pádraig Mac Piarais a scríobh dhá scéal síos ó Mhichíl Mhic Ruaidhrí. Tá foclóir, aguisín agus notaí ar na scéalta agus a mbunadh ar chúl an leabhair. Tá leathanach teidil deas ar an leabhar.

Fiche Gearrscéal

Risteárd Ó Foghludha, ('Fiachra Éilgeach' )

Muintir C.S. Ó Fallamháin, Teo.: 1930, 224 leathanach.

Tá fiche gearrscéal sa gcnuasach seo atá bunaithe ar scéalta ó scríbhneoirí aitheanta na Fraincíse.
 

Sgéalta Eorpacha is Eile

Aistritheoir: Pádraig Ó Domhnalláin

M. H. Mac an Ghoill agus a Mhac, Teo., Baile Átha Cliath. 1927. 124 leathanach.

Seo bailiúchán de ghearrscéalta ó thíortha na hEorpa.

Sliabh na mBan bhFionn agus Cúán Fithise

An tAthair Peadhar Ua Laoghaire, Canónach, S.P.

Muintir na Leabhar Gaedhilge, 6 Sráid d'Olier. 1914. 42 leathanach.

Dhá scéilín agus trí dhán. Chuala an t-údar an chéad scéal ó Mháire Rua, máthair Pheig (a d'inis an sceal Séadna) agus é ina ghasúr seasca nó seachtó bliain roimhe sin. Is scéal sídhe é an chéad scéal. Sean-stair atá sa dara ceann. Tá dhá amhrainín 'Bó na Leath Adhairce agus 'Tá dhá Ghabhairín bhuidhe agam sa leabhar.


previousPrevious - Gearrscéalta II
Next - Gearrscéalta IVnext