Leabhair Scoile

An Ceathramhadh Leabhar

Cló Oifig Uí Mhathghamhna, B.Á.C.

Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath, 1922. 171 leathanach.

Is leabhar scoile í seo ina bhfuil aistí agus dánta. Tá leagan amach maith ar an ábhar le gluais agus nótaí míniúcháin. Tá scéalta faoin Tuatha Dé Danann agus cur síos ar an dúil bheó agus ar ghnótha an fheirmeóra. Tá pictiúir deasa sa leabhar.

Bun Chúrsa an Cheapadóireacht Gaedhilge (Cuid a hAon)

Brian Mac Giolla Phádraig

Brún agus Ó Nualláin, Teor., 1922, 88 leathanach le nótaí agus foclóir Gaeilge/Béarla agus Béarla/Gaeilge.

Ceachtanna i gceapadóireacht na Gaeilge do rang a cúig agus a sé 'sna bunscoileanna agus na ranganna isle i meánscoileanna. Tá ceachtanna léitheoireachta, an bealach chun litir a scríobh &rl.

Dúthracht

Sraith "Saoghal Órdha"

Criostóir Ó Raghallaigh, M.A. Ard-Diplóma Oideachais.

Brún agus Ó Nualláin, Teor. B.Á.C , Corcaigh Béal Feirste agus Portláirge. 63 leathanach.

Aistí beaga faoi cheirdeanna, sean-fhocla, tomhaiseanna, léaráidi agus cómhrá. Tá na hamhráin Anach Cuain, Seán Ó Duibhir an Ghleanna, Bán-Chnuic Éireann Óigh. Tá ceisteanna faoi na háistí ag deireach an leabhair.

Sár-Laochra Éireann

Micheál Mac Énri.

Brún agus Ó Nualláin, Teor. B.Á.C. 104 leathanach.

Ta cuntas gairid ar shaol 13 de laochra móra na hÉireann ó ré Chormac Mhic Airt go dtí Domhnall Ó Conaill sa leabhar seo. Foilsíodh an leabhar do dhaltaí a bhí ag foghlaim na staire trí Ghaeilge. Tá léarscáil le gach scéal agus ceisteanna faoin laoch ag deireadh gach cuntas.

 

Saoghal i nÉirinn

An t-Athair Pádraig Ua Duinnín

M.H. Gill agus a Mhac, 50 Sráid Uachtarach Ui Chonaill, B.Á.C., 1903. 56 leathanach.

Cur síos ar an saol in Éirinn ag tús an chéad seo caite. Faightear léargas ar an tírghrá agus ar na droch nithe a bhain leis an tír ag an am sin.


Next - Leabhair Scoile IInext