Leabhair Scoile II

An Sgoil Ghaedhilge

Tomás Ó Raghallaigh M.A. a chuir i n-eagar.

Ó Gormáin, Teach Na Clódóireachta, Gaillimh. 1930. 136 leathanach.

Cur síos ar an domhan, séasúir,lá agus oiche, an ghaoth, Cúigí na hÉireann, seanachas. Tá roinnt dánta; 'Sliogán, An Chuach', 'Eoghan Cóir'. Tá aistí beaga, scéilíní, roinnt staire. Leabhar an-suimiúil.

Sgéalta Gearra Sgoile

Tomás Ó Raghallaigh & Seán Ó Ruadháin a chur le chéile.

M.H. Mac Guill & a Mhac Teo., 53 Leathanach

Sraith scéalta agus dánta le ceisteanna atá sa leabhar scoile seo. Baineann go leor den ábhar leis an dúlra. Tá neart pictiúir inti agus gluais san áireamh.
 

Beidh Rinnce Againn - Cuid a Dó

Pronnséas Ó Súilleabhain, D.Ph.

Alec Tom agus a Chuid, Teóranta, Sráid Cró, B.Á.C. 32 leathanach.

Is leabhar scoile í seo don aos óg. Tá amhráin a thaithneódh le paistí óga chomh maith le pictiúir sa leabhar.

Slighe an Eólais

Cúrsaí an tSaoghail i nÉirinn

Cormac Ó Cadhlaigh, M.A. do scríobh.

Brún agus Ó Nualláin, Teo, 165 leathanach le foclóir.

Cúrsaí an tSaoil in Éirinn. Cur síos cuimsitheach ar chuile rud a bhaineann leis an saol laethiúil. Baill beatha an duine, an aimsir, breóiteacht, leigheas, oideachas, clann, muintir, gairmeacha beatha &rl.


previousPrevious - Leabhair Scoile