Dubhghlas de hÍde

1860 - 1949

Ba é Dubhghlas an triú mac a bhí ag an Urramach Arthur Hyde, Canónach Aill Fhinn, agus reachtaire Thig Baoithín. Nuair a rugadh Dubhghlas, bhí a athair ina reachtaire i gCill Mhic Tréana, i gCo. Shligigh. Rugadh Dubhghlas ar an gCaislean Riabhach, agus ba ansin a baistíodh é. Bhí an bhruitíneach ar Dubhghlas ina pháiste, agus dá bharr sin, is sa mbaile, óna athair, a fuair sé a chuid bunoideachais.


D'athraigh an teallach go Dún Gár nuair a bhí an gasúr seacht mbliana d'aois. Is cosúil go raibh Gaeilge sa gceantar, agus go raibh eolas ar an teanga ag Dubhghlas ina óige. Sa mbliain 1880, chuaigh sé go Coláiste na Trionóide, agus rún aige dul le diagacht. Chríochnaigh sé an cúrsa, ach, níor ghlac leis an gcéim. Bhain sé céim B. A. amach sa Nua Litríocht sa mbliain 1884. Rinne sé dlí, agus bhain amach céim L. L. D. in 1888.

D'fhoilsigh sé a chéad leabhar, Sgéulaigheachta in 1889, bailiúchan de scéalta ó'n mbealoideas. Scribhneóir b'isiúil a bhí ann as sin amach. Chuir sé aithne mhaith ar Lady Gregory, ar W. B. Yeats, Edward Martyn, Tomás Bán Ó Conceannain. Phós sé Lucy Kurtz, de bhunú na Gearmáine, agus bhí beirt iníon acu.


Bhí 'An Craoibhín' ar dhuine de bhunaitheóirí Chonradh na Gaeilge, agus ar dhuine de na daoine ba gníomhaigh. Bhí sé ina uachtarán ar an gConradh ó bunaíodh é 1893, go dtí 1915, nuair a d'éirigh sé as de bharr an pholaitíocht a bheith ag déanamh áit san eagraíocht. Bhailigh sé go leor airgid ar thuras a thug sé ar Mheiricea ar son an Chonartha.


Léiriodh a dhráma Casadh an tSúgáin sa mbliain 1901. Bronnadh saoirse Bhaile Átha Cliath air, agus saoirse Luimnigh. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheóirí Cumann Béaloideas Éireann. Bhailigh sé ualach mór amhráin, agus scéalta, le linn a shaoil. Scríobh sé filíocht, aistí, drámaí, agus go leor, leor eile, agus rinne sé aistriucháin.


Cé go raibh sé ina bhall de'n tSeanad ar feadh tamaill, ba bheag suim a bhí sa bpolaitíocht aige. Bhí sé in ann seacht gcineál teanga a labhairt ar a thoil. Fuair dochtúracht oinigh ó Ollscoil Ríoga na hÉireann, Ollscoil na Breataine Bige, agus Ollscoil Bhleá Cliath.Tugadh post dó mar Ollamh le Teanga nuair a bunaíodh Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, post a bhí aige go dtí 1932. Chuaigh sé chun cónaí i Ráth Treá an bhliain sin, teach a bhí ceannaithe ag a chairde dó roimhe sin.

Ar theacht do Bhunreacht na hÉireann , toghadh d'aon ghuth é mar an chéad Uachtarán ar Éirinn, i Mí na Bealtaine, sa mbliain 1938. Cé go bhfuair sé stróc i 1940, le linn a chéad théarma de'n uachtaránacht, agus gur chaill sé luth na gcos, choinnigh sé air ag obair, gur chríochnaigh sé an dara tearma, 1945.


Chuaigh sé chun cónaí i bPáirc an Fhíonnuisce nuair a bhí a sheal mar Uachtarán thuas. Tá bailiúchán dá chuid scríbhinní san Leabharlann in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Fuair An Craoibhín Aoibhinn bás ar an 12ú lá de Iúl, 1949. Ta sé curtha in áit a mhuintire i nDún Gár, Co. Ros Comáin.

Cuid dá shaothar

Leabhar Sgeulaigheachta, 1889.
Abhráin Grádha Chúige Chonnacht 1893.
Ubhla de'n Chraobh, dánta agus amhráin, 1900.
Fáith sgéal, agus Óid an Óireachtais, 1901.
Casadh an tSúgáin, dráma, 1902.
An Tincéara agus an tSiog 1902.
An Naomh ar Iarradh, dráma, 1902.
Dráma Breithe Chriosta, 1903.
Pleusgadh na Bulgóide, dráma, 1903.
Abhráin an Reachtabhraigh, 1903, agus 1933. athchló, 1935, '69, '74.
An Cleamhnas, dráma, 1904.
Abhráin Diadha Chúige Chonnacht, 1906.
An Pósadh, dráma, 1934.
Maistín an Bhéarla, dráma.
The Story of Early Gaelic Literature


previousPrevious - Micheál Breathnach
Next - Seosamh Laoidenext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections