Peadar Ó Laoghaire

1839 - 1920

Rugadh é in Aibreán na bliana 1839, i Lioscaragáin, i bparóisde Chluain Droichid i gCorcaigh. Mhúin a mháthair é, agus bhí an Ghaeilge aige ó'n tús. Fuair oideachas i S.N. Carraig an Ime, Maigh Cromtha, i gCeann Toirc, i gColaiste Naomh Colmáin, agus go Maigh Nuad chun a bheith ina shagart. Déanadh sagart de sa mbliain 1867. Bhí ina shagart in áiteacha ar fud na Mumhan, agus ina shagart paróiste i gCaisleán Liatháin, i 1891. Déanadh Canónach de i 1906.


Thacaigh sé le Micheál Davitt, agus Conradh na Talún. Chuir tús le leabharlanna, agus scoileanna. Bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge. Fuair an tArd Easpóg Mac Éil locht air, de bhrí nár thagair sé do scríbhneóirí Gaeilge in aiste buacach a scríobh sé faoí'n litríocht. Ba é an chaoí ar spreag an méid sin é. Rinne Peadar féin gearán faoí leabhar le Pádraic Ó Conaire, ag rádh go raibh sí gáirsiúil. Ceaptar gur de bharr é bheith in éad le Ó Conaire a rinne sé seo.


Chuir an tAthair Peadar an – bhéim ar "chaint na ndaoine" chun an Ghaeilge a mhúineadh i gceart. Chum sé drámaí. Rinne sé éacht ar son na teanga. Bronnadh saoirse Bhaile Átha Cliath, agus Chorcaigh, air i 1912. Bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúracht air i 1919.


Fuair sé bás i gCaisleán Liatháin, 21ú Márta, 1920. Ba liosta mór fada a chuid scríbhinní, agus tá liostáilte i Celtica i 1954. Tá leabhair scríofa faoí féin, agus faoí na shaothar.

Cuid dá shaothar

Rinne athscríobh ar shean litríocht ar mhaithe le hábhar a chur ar fáil do dhaoine óga:


Ár nDóithin Araon, 1894, do dhaoine óga.
Eolas ar Áireamh, 1902.
Seadna, 1904, a foilsíodh san gClaidheamh Solais ó 1894 go– 1897.
An Craos Deamhain, 1905,
An Bealach Buidhe, 1906, dráma.
Eisirt, 1909.
Aesop a Tháinig go hÉirinn, 1900, aistriúchán.
Aithris ar Chríost, 1914.
Na Ceithre Soisgéal as an dTiomna Nua, 1915: Aistriúchán ó Laidin na Vulgáta

Na Cheithre Soisgéil, 1915, ó'n Laidin.
An Cleasaidhe, 1913.
Sliabh na mBan Fhionn,1914.
Mo scéal féin
Don Cíchóté, 1921, agus go leór eile.

Aodh Ruadh, 1929.

Sgothbhualadh

Críost Mac Dé (Cuid a hAon), 1923
Ag Séideadh agus ag Ithe

Guaire

Tóruigheacht Dhiarmuda agus Gráinne, 1906.

Bricriu

Niamh, 1907.

Sgéalaidheacht na Macabéach, 1925.

Catilina


previousPrevious - Colm Ó Gaora
Next - Micheál Ó Máillenext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections