Seoirse Mac Clúin

1894 – 1949

Rugadh ar an Scairbh, Co. an Chláir. D'fhreastal ar an scoil náisiúnta go háitiúil. Chuaigh go dtí an meánscoil i Luimneach, agus go Coláiste Fhlannáin, agus Maigh Nuad. Déanadh sagart de.
Chuaigh sé ag múineadh i gColáiste Fhlannáin, in Inis, Co. an Chláir, áit ar déanadh Ollamh le Gaoluinn de. Chaith sé cúpla seáirse ar an mBlascaod Mór.


I 1922, foilsíodh 'Réiltiní Óir', míniú ar fhocla Gaeilge a bhí bailithe aige, 'cabhair do mhic léinn, agus do múinteóirí' Anseo freisin, bhí tuairimí pháipéirí an lae, faoí'n leabhar. Fuair sé cúnamh ó Thomás Ó Criomhthain leis seo. I 1924, foilsíodh Róisín Fiain na Mara. Sár aistí agus is fiú an réamhrá le Eóin Mac Néill, Aire Oideachais, a léamh.


I 1926, foilsíodh Litridheacht, agus i 1940, Caint an Chláir. Ní raibh an tslainte go maith, agus chuaigh chun na hEilbéise ar feadh tamaill. Bhí sé ina Leas Uachtarán ar an gColáiste, ach théis na hEilbhéise, bhí ina shagart cúnta i gCora Chaitlín, agus ina dhiaidh sin i gCill Rois. Bhi sé ina shagart paróiste ina dhiaidh sin. Fuair bás i 1949, in aois a 55 bliain.


previousPrevious - Seosamh Laoide
Next - Tomás Mac Domhnaillnext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections