Tomás Ó Máille

1883-1938

Rugadh i Muintireóin, Duiche Sheoigheach, Conamara. Deartháir do Mhicheál Ó Máille. Fuair sé a chuid oideachais i Manchúin, Freiburg, Baden, agus Beirlin.

Bhí sé ina Ollamh Le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó 1912. Bhí sé tamall ag scríobh colún san Freeman's Journal. Foilsíodh bailiúchán aistí leis san, "An Ghaoth Aniar", i 1920. Bhí sé ina eagarthóir ar an bpaipéar míosúil, An Stoc (in éineacht le Tomás Ó Raghallaigh).

Cuid dá shaothar

Amhráin Chlainne Gaedheal, le na dheartháir Micheál, 1905.
Eagarthóireacht ar Amhráin Chearbhalláin, 1916.
Rinne athscríobh, agus chuir i gcló, Naoí nGábhadh an Ghiolla Dhuibh, 1917 (a bhí scríofa ag a dheartháir Micheál sula bhfuair Micheál bás).
An Ghaoth Aniar, 1920.
Mac Datho, leagan nua den sean- scéal, 1924.
Urlabhraidheacht agus Graiméar na Gaeilge, cuid a haon, 1927.
Micheál Mac Suibhne agus Filí an tSléibhe, 1934.
An Béal Beó, 1936.
An tIomaire Ruadh, 1939.
Scríobh an réamhrá ar an leabhar 'Cladaigh Chonamara', le Séamus Mac Con Iomaire, as Maighinis.


previousPrevious - Micheál Ó Máille
Next - Énrí Ó Muirgheasanext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections