Úrscéalta

Lá na Cúirte

Peadar Ó Dubhda,('Cú Chulainn' )

Lucht Choláiste Bhrighde, Oméith.

Sraith Gearrscéalta Gaeilge

Tá an gearrscéal "Lá na Cúirte" agus an dá ghearrscéal eile "Eachtra Ghiolla an Chinn" agus "An Bata Briste" sa chnuasach seo. Tugtar le fios gur rud éigin neamh bheo atá ag déanamh an chur síos sa scéal, mar shampla, is é an scáth báistí a insíonn an scéal "Lá na Cúirte". Gaeilge Óméith a úsáidtear sa leabhar seo.

 

Caoimhghin Ó Cearnaigh

Uilliam Ó Riain

Clódhann Teo.: ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge.

Muintir Chathail, Teo. Baile Átha Cliath. 1913. 84 Leathanach.

Úrscéal faoi mhúinteoir a d'fhág a áit dhúchais agus a d'imigh go Baile Átha Cliath. D'athraigh a shaol go hiomlán.

Seadna

An t-Athair Peadar Ua Laoghaire

Bernard Doyle, Gaelic Printer, 9 Upper Ormond Quay, Baile Atha Cliath. 1898. 86 leathanach.

Gaelic League Publications.

Foilsíodh an chéad chuid den scéal seo insan 'Gaelic Journal' agus insan leabhar seo de chuid Chonradh na Gaeilge tugann an tAthair Ua Laoghaire an dara cuid den scéal á chuid leitheóirí. Chomh maith leis an téacs Gaeilge tá aistriúchan Béarla ar fáil sa leabhar freisin. Insíonn an t-údar dúinn sa réamhrá go bhfuil go leor den sceal i bhfoirm comhrá chun ord na bhfocal sa Ghaelge a léiriú d'fhoghlaimeoirí. Tá leathanach teidil an-deas sa leabhar.

An Chinneamhaint: Iarsma Ó Chríoch Lochlainn

Micheál Ó Maoláin, M. É. do chuir i n-eagar. Pádraic Ó Conaire d'innis. Brún agus Ó Nóláin, Teor 1924. 48 leathanach.

Suite i gCríoch Lochlainn. Bhi an-athas ar an Rí Cnút Ceannchruaidh nuair a rugadh mac dó le bheith ós cionn na Ríoghachta nuair a gheoghfadh an rí féin bás, ach, rinne 'Bean Feasa' tairngreacht go marófaí, nó go mbáfaí an gasúr sula mbeadh sé seacht mbliana d'aois! Duirt sí go dtitfeadh an gasúr as ucht mná. Nior thug an Rí cead don mháthair, ná aon bhean eile an gasúr a thógail!

 

Naoi nGábhadh an Ghiolla Dhuibh

Micheál Ó Máille ('Diarmuid Donn')

Comhlucht Oideachais na hÉireann (Educational Company of Ireland) 89 Sráid an Talbóidigh Baile Átha Cliath. 1919, 97 leathanach.

Sé a dheartháir Tomás Ó Máille a rinne ath-scríobh agus a chur i gcló mar níor mhair Mhicheál go gcríochnódh sé an leabhar. Bhásaigh Micheál agus gan scríofa aige ach 'Cúig Ghábhadh', agus fágadh an teideal mar bhí sé. Níl sa leabhar ach Cúig Ghábhadh. Eachtraí farraige is mó atá san scéal, cuid ar chósta Mhaigheó agus chomh fada ó bhaile leis an Afraic!

Eachtra Aodh Ruaidh Ui Dhomhnaill

Cú Uladh do scríobh.

M.H. Gill agus a Mhac, Sraid Ui Chonaill, B.A.C., 1911. 40 leathanach.

Cur síos atá sa leabhar seo ar na h-eachtraí tábhachtacha a bhain le saol Aodh Rua Uí Dhomhnaill. Sa réamhrá insítear dúinn gur tugadh duais ar an scéal seo san Oireachtas sa bhliain 1898. Tá nótaí agus foclóir leis an leabhar agus é sinithe ag an udar, 'Cú Uladh'.

Buaidh na Treise

Micheál Ó Gríobhtha

Muintir C.S. Ó Fallamhain, Teo., 1928, 202 Leathanach.

Is Úrscéal stairiúil é seo. Déantar cur síos ar eachtraí a tharla anseo agus ansiúd i gCúige Mumhan.


Next - Úrscéalta IInext