Beatha Toirealach Ó Cearúlláin

Rugadh an cláirseoir cáiliúil Toirealach Ó Cearúlláin in aice leis An Obair sa bhliain 1670 i mBaile Chrúis.

Ag an scoil seo bhuail Ó Cearrúláin le cailín darb ainm Bríd Chrús agus thit sé i ngrá léi; ach níor phós sé í cé go raibh sé an-chairdiúil léi.

D'aistrigh a chlann go Ros Chomáin Thuaidh nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, agus is anseo a bhuail sé le Máire Mhic Dhiarmada.

Ní raibh se ach ocht mbliana déag d'aois nuair a fuair sé bolgach agus bhí sé dall as seo amach. 

Ach bhí Máire Mhic Dhiarmada mar mhúinteoir aige agus mhúin sí dó an chláirseach a sheinm. 

Thug sí capall, treoraí agus airgead dó. Chaith sé trí bliana ag foghlaim ceoil, agus nuair a bhí sé bliain is fiche bhi sé ina chláirseoir iontach.

Tar éis Cath na Bóinne i 1690, chuaigh se ar fud na hÉireann ag seinm ceol álainn. Bhí sé cláirseoir ag ócáidí clainne go minic.

Bhí sé an-thábhachtach an clár a sheinm sa 16ú agus 17ú haois, go háirithe nuair a tharla na plandálacha agus a tháinig daoine nua isteach sa tír.

Níos déanaí ina shaol, phós Uí Chearúlláin agus bhí sé ina chónaí i gContae Liatroma ar fheirm beag lena chlann.

Bhí seacht páistí aige, seisear cailíní agus buachaill amháin.

Lean sé ar aghaidh ag taisteal ar fud na tíre ag seinm a chláirseach ag ócáid speisialta mar a raibh grúpa mór daoine ann.

Bhí sé an-dílis don Eaglais Caitliceach, agus bhí seo an-dheacair sa 17ú haois nuair a tharla na plandálacha aguis cuid mhaith talamh caillte ag na Gaeil.

Ní raibh cead ag na daoine in Éirinn aifrinn a heagrú. Uaireanta, sheinn Uí Chearúlláin ag aifrinn agus chum se ceol reiligiúnach.

Roimh dheireadh a shaol, chuaigh se ar ais chuig teach Máire Mhic Dhiarmada agus chuir sí fáilte mhór roimhe. Fuair sé bás ann.

I rith a shaol, chum sé a lán amhráin agus ceol álainn. Tá daoine fós ag baint taitnimh as ceol Uí Chearulláin inniu.

Gach bliain, ceiliúrann daoine a shaol agus a shaothar i gClár Feis Uí Chearúlláin ina áit dhúchais An Obair.

Case Studies


previousPrevious - Carolan's Appeal to the Ireland of his Time
Next - O' Carolan Inspiresnext