An Cheathrú Rua

Tá baile na Ceathrún Rua, lena trá álainn cóiréalach, suite i gceartlár Ghaeltacht Chonamara, tuairim is chúig mhíle fichead as cathair na Gaillimhe. Ceantar é ina bhfuil an dúchas go láidir, an Ghaeilge go líofa, cultúr an tsean-nóis, na scéalaíochta agus an nadú ir go láidir ann fhéin agus 'sna ceantair máguaird. Ceantar ealaíontóireachta agus scríobhneoireachta é freisin.

Rugadh Peadar Neili Ó Domhnaill, údar Seod Aistí as Conamara (Brún agus Nualláin, 1943), ar an gCaorán Beag. Bhí sé ina chomhfhreagraí ag An Éireannach. Chraol sé ábhar ar Radio Éireann. Bhuaigh sé an chéad duais ar aiste faoi Mhícheál Breathnach ag Oireachtas 1940. Cuireadh ábhar dá chuid i gcló i Scéala Éireann, Ar Aghaidh, An Standard agus Leabhar na gCeaipisíneach. D'éag sé i 1961. Bhí an t-ealaíontóir Charles Lamb ina chonaí ar an mBóthar Buí ó 1933 go dtí gur bhásaigh sé i 1964. Mar a dúirt Maedh M. Nic Dhonnchadha, 'chuir sé áilleacht na háite na ndaoine ar phár go paiteanta.'

Tá seirbhís chuimsiteach leabharlaninne ar fáile sa leabharlann nua ar an gCeathrú Rua, a h-osclaíodh go h-oifigiúil ar an h-ochtú lá fichead de Bhealtaine, 2001. Cheithre mhíle troigh cearnach spáis atá sa leabharlann nua. Áis phoiblí í an leabharlann.

'Sí an aidhm atá aici ná freastal a dhéanamh ar riachtanaisí faisnéise, oiliúna agus caitheamh aimsire an phobail sa gceantar máguird ' agus i bheith mar Iár-ionad solais agus cultúrtha son phobal uilig - fiú sa mbaile is lú'.

(Ráiteas Misean na Leabharlainne)

Ar bhealach, is leis an bpobal aitiúil í an Leabharlann agus is dhóibh-san atá sí ann.

Gallery