Gearrscéalta V

An Pléidhseam

Peadar Mac Fionnlaoich do scríobh.

Ó Goill agus a Mhac, Sráid Uachtair Uí Chonaill, B.Á.C. An Cló-Chumann, Teóranta, Sráid Mór na Trágha, B.Á.C. atá 'ga chuir amach. 1903, 50 leathanach.

Trí Scéal Draoidheachta Ó Thirchonaill atá sa leabhar seo. Scríobh Séamus Mac Mághnusa síos na scéalta seo i mBéarla agus chuir Peadar Mac Fhionnlaoich arais go Gaeilge iad.
 

An Troid agus An t-Uaigneas

"An Beirneach" a scríobh.

M.H. Mac Ghuill & a Mhac, Teo., 1926, 112 Leathanach.

Cnuasach gearrscéalta a bhfuil blas an Iarthair orthu. Tá gluais leathan ag chúl an leabhair.



 

Prós Gaedhealach

An tAthair Pádraig Ua Duinnin

M.H. Gill & a mhac, 1902, 112 leathanach.

Sraith aistí atá sa leabhar seo a dhéanann cur síos ar stair litríochta na hÉireann ón tús. Tugann an tAthair Ua Duinnin léargas dúinn ar thábhacht agus áilleacht na litríochta seo ann féin. Cuireann sé litríocht na tire i gcomparáid le litríocht ársa na Gréige, mar shámpla ag déanamh comparáid idir Cúchulainn agus Achilles. Leabhar tábhachtach mar ba tús a bhí anseo chun léirmheas a dhéanamh ar litríocht phróis na nGael ina iomláine. Ba é an tAthair Stiofán Mac Ternan a chuir an t-airgead ar fáil do na h-aistí seo, rud a admhaíonn an t-údar sa réamhrá. Tá leagan Gaeilge agus Béarla den téacs ar fáil chomh maith le foclóir ar chúl an leabhair.

Guaire

An t-Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S.P. do scriobh ón seana-sgéal "Imtheacht Na Tromdháimhe". Conall Cearnach do chuir i n-eagar.

Brún agus Ó Nualláin, Teor., B.Á.C. Corcaigh, Béal Feirste, Portláirge. 254 leathanach.

Is ath-insint é an scéal "Guaire" ar an sean scéal "Imtheacht na Trom-dháimhe". Is aoir atá ann ar na báird agus bhi sé mar réamhrá ar an "Táin Bó Cuailgne". Tá achoimre de na caibidil i mBéarla agus nótaí agus foclóir ar chúl an leabhair.
 

Lá agus Oidhche

Micheál Mac Liammhóir

Muinntir C.S. Ó Fallamhain 1929, 109 leathanach.

Sraith scéalta ón bhfear ildánach Micheal Mac Liammhóir. Tá cuid de na scéalta suite in Éirinn agus an chuid eile sa Mhór Roinn. Déanann an t-údar cur síos ar na turais a thug sé ar áiteanna ar nós Páras, Sisilia agus Oberammargau.
 

Ag Stracadh leis an Saol agus Scéalta eile

León Ó Broin

Muintir C. S. Ó Fallamhain, Teo., 107 leathanach.

Dhá scéal déag atá sa leabhar seo, ' Ag Stracadh leis an Saol' san áireamh. Tá blas nua-aimseartha ar na scéalta seo. I gcás an scéil atá luaite, cuireann an priomh carachtair lámh ina bhás féin mar go raibh sé tinn, tuirseach den saol. Tá an greann sna scéalta freisin mara fheicimíd sa scéal 'Sála Árda'.


previousPrevious - Gearrscéalta IV
Next - Gearrscéalta VInext