Gearrscéalta VI

Béal na hUaighe agus Scéalta Eile

León O Broin

Muinntir Alex Thom agus Comh., Teór., i gComhar le hÓifig an tSoláthair. 1927. 146 leathanach.

Is aistriúcháin de ghearrscéalta le scríbhneoirí Francacha ón 19ú céad cosúil le Daudet agus Guy de Monpassant atá sa leabhar seo. Tá roinnt scéalta bunaidh sa leabhar freisin.

An Léightheoir Gaedhealach

Peadar Mac Fhionnlaoich, Eoin Mac Néill agus Seosamh Laoide do chur le chéile.

Connradh Na Gaedhilge, 1907, 150 leathanach.

Tá cur síos i dtús an leabhair ar Thomás Láidir Mac Coisdealbha agus mar a thug sé grá do Úna Bhán agus b'as sin a tháinig an t-amhrán a bhfuil cáil fós air. Tá go leor scéalta beaga agus aisti chomh maith le roinnt amhráin sa leabhar. Tá scéalta mar 'Bás Dhiarmada', litreacha ó Aodh Ó Néill, 1601, Seosaimh Mac Muiris, 1579, Shane ó Neill to James Fleming, Baron of Slane 1561, ó Néill chuig Lord Sussex 1561, litir ó bhean chéile Eoghan Ruaidh Ui Néill & rl. Tá scéilíní Fiannaíochta anseo freisin.

Róisín Fiain na Mara

An t-Ath. Seoirse Mac Clúin, Coláiste Fhlannáin, Inis. Réamhra ó Eóin Mac Néill, Aire an Oideachais.

Brún agus Ó Nóláin, Teor., B.Á.C., Corcaigh, Béal Feirste agus Portláirge. 1924. 140 leathanach.

Dicheall, dúthracht, seasmhacht, - ach an tuabhar a sheachaint; a thuiscint gur rud eile Éire seachas tír; gur tír í agus daoine dá háitreabhadh; gur níos mó ná an méid sin í; gur saol ar leith í. Tír na hÉireann agus cine Éireannach ina seilbh, agus saol eachtrannach acu, ní hí sin Éire, ná ní hí sin náisiúntacht, ní hí sin an tsaoirse. Sin é teagasc an leabhair seo agus deireann an túdar gur maith an teagasc é, mar gur fior an teagasc é. Seóid iad na haistí atá sa leabhar seo!

An Buaiceas

Pádraig Ó Séaghdha "Conán Maol" do scríobh, Seosamh Laoide do chuir i n-eagar.

Connradh na Gaedhilge, B.Á.C. 1903. 165 leathanach.

Scéalta a rug an chraobh leo ag Oireachtas 1898. Bean a tháinig ón iasacht agus a chuir fuithi i gCiarraí. Bhi rún aici. Mar a leag míol mór an cíos. Tá cur síos ag Micheál ar laethanta a óige ar scoil.

Scéilíní Anall

Scéilíní Anall

Oireachtas 1920

Connradh na Gaedhilge B.Á.C. 1920. 75 leathanach

Scéalta a bhain duaiseanna amach ag Oireachtas 1920, i gcomórtas a trí. Gearrscéalta aistrithe ó theangacha iasachta. Tá cuid ón bhFraincís, ón mBéarla. Tá ceann le Edgar Allen Poe, ceann le Standish O' Grady.

Mac an Íasgaire

Oisín (Cathaoir Ó Braonáin)

Blackie & Son, Ltd. 13 leathanach.

Scéal simplí faoi iasgaire san iarthar . Bheadh an scéal oiriúnach do fhóghlaimeoirí Gaeilge.


previousPrevious - Gearrscéalta V
Next - Gearrscéalta VIInext