Gearrscéalta VII

An Baile seo 'Gainn-ne

Pádraig Ó Síochfhradha ("An Seabhac")

Connradh na Gaedhilge, 153 leathanach.

Cnuasach gearrscéalta leis 'An Seabhac'. Cuireann na scéalta seo síos ar an saol mar a bhí sé i gceantar Chorca Dhuibhne. Tá foclóir ag an deireadh.

An Cogadh Dearg agus scéalta eile

'Cú Uladh'

Foilsithe ag 'Cú Uladh' agus a chuid, 64 leathanach.

Tá cúpla scéilín faoi ghnáth dhaoine agus ar a thárla dóibh Seachtain na Cásca i mBleá Cliath. Scéilín eile faoi ghasúr ag fiach, agus ag iascaireacht i ngan fhios don dlí. Ceann eile mar a chuir an diabhal cathú ar Mhaolruaidh i dTír Chonaill agus ceann eile fós faoi eisimirceach a tháinig abhaile 'théis blianta a chaitheamh i gcéin.

Ag Séideadh agus ag Ithe

An tAthair Peadar Ó Laoghaire.

Brún agus Ó Nóláin, teo., 114 leathanach.

Scéalta iad seo a chuala an tAthair Peadar Ó Laoghaire le linn a óige ina bhaile dúchais. Is i gcaint na ndaoine atá siad scríofa.


previousPrevious - Gearrscéalta VI
Next - Leabhair don Aos Ógnext