Micheál Breathnach

1881 - 1908

Rugadh ar an Lochán Beag, i gCois Fharraige ar an 16ú Meán Fómhair 1881. D'fhreastal sé ar scoil an Chnoic. Ansin a d'fhoghlaim sé Béarla ar dtús. Bhí sé ina chúntóir sa scoil sin níos deireanaí.
Nuair a bhí sé fiche bliain d'aois, fuair sé post mar Rúnaí ar Chraobh Londain de Chonradh na Gaeilge. Scríobh sé aistí do'n Claidheamh Solais. Foilsíodh Cuan na Mara agus a Mhuintir in Irisleabhar na Gaeilge. Bhí duais Oireachtais bainte ag an aiste sin i 1903.


Cheithre bliana a chaith sé i Londain, áit a raibh sé gnóthach in imeachtaí an Chonradh. Thugadh sé ranganna Gaeilge i Londain. Théis Londain, fuair sé post mar Ard Ollamh i gColáiste Chonnacht, i dTuar Mhic Éadaigh, Maigh Eó. Chuir sé aithne ar Cholm Ó Gaora, a bhí ina mhúinteóir taistil le Connradh na Gaeilge ag an am.


Ní raibh an tsláinte go maith faoí seo. Scríobh sé go leor aistí, agus filíocht, a foilsíodh sna hirisleabhair Ghaeilge ag an am. Chuir sé Gaeilge ar Knocknagow le Charles Kickham, thart ar 1905, agus foilsíodh cuid de 1906, an chuid eile théis a bháis. Bhíodh sé ag triall ar an Eilbhéis ar mhaithe le na shláinte, agus rinne sé cur síos ar an tír sin ina chuid aistí, a foilsíodh san gClaidheamh Solais, agus a foilsíodh ina dhiaidh sin mar 'Seilg imeasc na nAlp'. D'fhoilsigh Conradh na Gaeilge 'Stair na hÉireann', i 1906; d'fhoilsigh  Comhlucht Oideachais na hÉireann Fíon na Filidheachta freisin. Scríobh sé scéalta do pháistí a bhí foilsíodh in Scéalta Triúir, 1919, agus  Cúrsaí na hÉireann.


Ni raibh aon fheabhas ar a shlainte i 1908, agus bhí air dul isteach i dteach banaltrais, i mBaile Átha Cliath. Fuair sé bás ann i nDeireadh an Fhómhair na bliana 1908. Ta sé curtha i reilig an Chnoic, ina cheantar dhúchais. Sheinn Éamon Ceant ar a shochraid.


Sa mbliain 1980, chuir Seosamh Ó Braonáin amach Seililg i measc na nAlp san litriú caighdeánach.
Bhí clár cuimhneacháin ar Raidió na Gaeltachta, sa mbliain 1981, céad bliain théis a bhreithe.


previousPrevious - Colm de Bhailís
Next - Dubhghlas de hÍdenext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Life & Society


Popular Sections