Tomás Ó Raghallaigh

1883 - 1966

I Leamhchoill, Maigh Cuillin, Co. na Gaillimhe a rugadh é. Ba í Maire Ní Loideáin, ón Spidéal, a mháthair. Seán a bhí ar a athair, agus cainteóirí dúchais a bhí iontu. Fuair Tomás a chuid bunoideachais i Maigh Cuillin. Chuaigh go Meanscoil Sheosaimh i nGaillimh. D'éirigh leis scoláireacht a fháil go Coláiste Phádraig, Drom Conrach.


Bhí ina mhúinteóir taistil do Chonradh na Gaeilge i Maigh Eó. Bhí sé bainteach le bunú scoil Acla.
Bhí sé ag múineadh i mBaile Chláir na Gaillimhe, agus i gColáiste Sheosaimh. Bhain céimeanna amach i gColáiste na hOllscoile na Gaillimhe. Bhí ina Ollamh i dTuar Mhic Éadaigh, i Maigh Eó, agus i gColaiste Chonnacht, sa Spidéal, agus i gColaiste an phiarsaigh, i Ros Muc. Bhí sé ina Léachtóir le Meán-Ghaeilge agus ina Ollamh le Nua-Ghaeilge. Bhí sé ina thimire ag Conradh na Gaeilge i dtús na 20ú aoise. Bhíodh ag scríobh altanna i Scéala Éireann, Ar Aghaidh, An Stoc, agus Misneach. Bhí sé ina eagarthóir ar An Stoc le Tomás Ó Máille.

Ba mhac leis an craoltoir cáiliúil, cumasach, Pádraig Ó Raghallaigh, a fuair bás 2002. Ba é Pádraig an chéad cheannaire a bhí ar Raidió na Gaeltachta.

Cuid dá shaothar

An Scoil Ghaeidhlge, 1927.
Eachdhoun an Áir, dráma,
Maingín aistí,
Guth na Gaeltachta, le Muiris Ó Catháin,
Sgéalta gearra scoile, le Seán Ó Ruadháin.
Bruth, Fá, Thír, le Pádraig Ó Domhnalláin.


previousPrevious - Énrí Ó Muirgheasa
Next - Seán Ó Ruadháinnext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Life & Society


Popular Sections