Fiosrúchan 1

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.




Ár dtimpeallacht áitiúil


Príomhcheisteanna
Cad is timpeallact ann?
Cad atá inár dtimpeallact?
Cad a cheapaimid faoinár dtimpeallacht?

Imlíne
Breathnaíonn leanaí ar an timpeallacht áitiúil agus déanann siad í a phlé. Ní mór tailte na scoile a úsáid don ghníomhaíocht seo. D’fhéadfadh go mbeadh do ghrianghraif féin, nó rogha pictiúr ó na Cártaí Acmhainne 1-26 atá liostaithe ag tús an leabhair oibre úsáideach anseo. Déanann na leanaí nóta de na háiteanna is maith leo agus nach maith leo.

Ullmhúchán
Oibríonn an ghníomhaíocht seo níos fearr ar lá nuair a bhíonn na leanaí in ann am a chaitheamh taobh amuigh.

Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • breathnú ar a gceantar áitiúil (tailte na scoile); agus
  • a gcuid breathnuithe a thaifeadadh trí léarscáileanna agus trí phictiúirí.

Acmhainní

  • Tailte na scoile
  • Cláir fháisce, páipéar agus pinn luaidhe

Gníomhaíochtaí foghlama

1. Téann na leanaí amach ina mbeirteanna nó i ngrúpaí leis an múinteoir agus breathnaíonn siad agus labhraíonn siad faoina bhfeiceann siad. Is féidir leis na leanaí labhairt faoi cad atá tábhachtach dóibh. D’fhéadfadh múinteoirí leanaí a spreagadh chun breathnú ar an scoil, ar áiteanna oibre agus ar áiteanna spraoi.

2. Tarraingíonn leanaí áit amháin is maith leo agus áit amháin nach maith leo ina dtimpeallacht áitiúil. D’fhéadfadh leanaí freagraí a thabhairt ar bhealaí eile ar nós labhairt nó múnlaí a dhéanamh.

3. Filleann leanaí ar an seomra ranga agus déanann siad na háiteanna a tharraing siad a phlé ina mbeirteanna; ansin déanann siad an rud céanna leis an gcuid eile den rang.


Nótaí

  • Tá na leanaí ag clúdach príomhghnéithe den churaclam tíreolaíochta, SPHE agus eolaíochta trí úsáid a bhaint as a gceantar féin. Tá siad ag forbairt a gcuid scileanna labhartha agus cumarsáide freisin.
     
  • B’fhéidir go dtabharfadh roinnt leanaí faoi deara go bhfuil roinnt gnéithe ina dtimpeallacht de dhéantús an duine agus go bhfuil gnéithe eile ann nach bhfuil, mar a dhéantar cur síos air sa churaclam tíreolaíochta.
     
  • B’fhéidir gur mhaith leis na múinteoirí go mbeadh na leanaí i gceannas ar an obair allamuigh, trí mholtaí a iarraidh orthu faoi cá rachaidh siad. D’fhéadfadh go mbeadh fócas tíreolaíoch agus / nó ealaíne ag freagraí na leanaí maidir lena gcuid oibre.