Fiosrúchan 3

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.




Ainmhithe & a gcuid timpeallactaí


Príomhcheisteanna
Cad iad na haimmhithe atá inár dtimpeallact?
Cá bhfuil siad?

Imlíne
Tabharfar deis do na leanaí mionainmhithe a chuardach ar thailte na scoile. Díríonn an ghníomhaíocht seo ar thacaíocht a thabhairt do na leanaí na scileanna eolaíochta / tíreolaíocha a bhaineann le breathnú a fhorbairt. Déanfaidh na leanaí a gcuid ainmhithe a rangú (sórtáil) (nó na pictiúir sin in Imscrúdú 03a, mura bhfuair siad raon d’ainmhithe).

Ullmhúchán
Bailigh na hacmhainní riachtanacha. Roghnaigh áit lasmuigh inar féidir leis na leanaí mionainmhithe a chuardach. Cinntigh go bhfuil an áit glan agus nach bhfuil aon bhruscar ann.

Gallery

Seangán


Seangán -

Bumbóg


Bumbóg -

Boilb


Boilb -

Bóín Dé


Bóín Dé -

Seilide


Seilide -

Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • mionainmhithe a bhailiú agus dlúthbhreathnuithe a dhéanamh orthu, agus a gcuid breathnuithe a thaifeadadh ag úsaid tarraingtí / léarscáileanna sonracha; agus
  • ainmhithe a rangú i ngrúpaí agus liosta tréithe a fhorbairt do gach grúpa.

Acmhainní

  • Spúnóga Milseoige / Taespúnóga / Lián beag
  • Bosca Bailiúcháin le claibín air (m.sh bosca lóin plaisteach, coimeádáin beir leat)
  • Formhéadaitheoirí / uirlis a bhreathnaíonn ar fhrídí (roghnach)
  • Ilchóipeanna de chártaí pictiúir / grianghraif i gclúdaigh litreach (Imscrúdú 03a)
  • Bileog Oibre don Tóraíocht Mhionainmhithe
Pdf Imscrúdú 3a: Cárta aitheantais mionainmhithe
Size: 1.9M bytesModified:  9 February 2011, 15:01
Pdf Imscrúdú 3b: Tóraíocht mionainmhithe
Size: 20.1K bytesModified:  9 February 2011, 15:02

Gníomhaíochtaí foghlama

1. Tabhair spúnóg bheag agus bosca bailiúcháin le claibín air do gach beirt / do gach grúpa. Lig do na leanaí mionainmhithe a chuardach san ithir, i mbruscar na nduilleog, faoi chlocha nó faoi ghéaga tite.


2. Tugann na leanaí na mionainmhithe isteach sa seomra ranga. Breathnaíonn na leanaí ar mhionainmhí amháin ag an am, ag úsáid na gceisteanna seo a leanas:
 

  • Cá bhfuarthas é: An raibh sé geal nó dorcha? Tirim nó fliuch? An raibh sé in áit oscailte nó faoi rud éigin?
     
  • Féach ar a cheann agus ar a chorp: Cad a fheiceann tú? An bhfuil sé crua nó bog / mór nó beag? An bhfuil cosa air? An bhfuil sciatháin air? Cá mhéad?
     
  • Féach conas a ghluaiseann sé: An mbíonn sé ag gluaiseacht an t-am ar fad? An ngluaiseann sé go tapa nó go mall? An bhfágann sé lorg ina dhiaidh?

3. Spreag na leanaí an mionainmhí a bhfuil siad ag breathnú air a tharraingt agus cén áit a bhfuair siad é, trí úsáid a bhaint as an leathanach Tóraíocht Mionainmhithe (Imscrúdú 03b). Is féidir le gach grúpa ansin plé a dhéanamh ar a gcuid breathnuithe i mbeirteanna / leis an rang ar fad.


4. Tabhair sraith cártaí pictiúr do gach grúpa (Imscrúdú 03a) agus tabhair cúpla nóiméad dóibh chun féachaint ar na pictiúir éagsúla. Spreag na leanaí chun plé a dhéanamh ar thréithe gach cárta pictiúir – trí na ceisteanna céanna atá thuasluaite a chur.

5. Ansin déanann gach grúpa ina sheal féin na cártaí a shórtáil ina ngrúpaí de dhó, de thrí agus de cheathair (nó níos mó). Spreag na leanaí chun ainm a thabhairt ar a gcuid grúpaí gach uair, e.g, grúpa eitilte, grúpa fionnaidh, srl. Ansin d’fhéadfadh na leanaí na pictiúir a ghreamú ar bhileoga páipéir níos mó.

Nótaí

• Tá na leanaí ag obair mar eolaithe agus iad ag rangú agus ag míniú a gcuid gníomhaíochtaí.

• Tá sé tábhachtach go ndéantar iarracht gan ainmneacha na mionainmhithe a insint do na leanaí ar an bpointe. Tabhair deis dóibh breathnú ar na mionainmnithe ar dtús agus is féidir leat na hainmneacha a insint dóibh níos déanaí.

• Ba chóir na leanaí a spreagadh chun na mionainmhithe a thabhairt ar ais chuig a dtimpeallacht nádúrtha. Ba chóir dóibh a gcuid lámh a ní, agus ba chóir na dromchlaí a raibh siad ag breathnú ar na mionainmhithe orthu a ní go hiomlán.