Fiosrúchan 4

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.




Na timpeallachtaí a bhfuil an tóir is mó orthu inár scoil


Príomhcheisteanna
Cén áit is maith le féileacáin a bheith ina gcónaí?
Cén áit ar thailte na scoile ar mhaith le féileacán cónaí?
Conas is féifir linn a chinntiú go bhfuil ár scoil oiriúnach d'fhéileacáin?

Imlíne
Sna gníomhaíochtaí seo, breithníonn leanaí an timpeallacht is fearr d’fhéileacáin trí pháirt a ghlacadh i gcleachtadh déanta-cinntí maidir leis an áit ar mhaith le féileacán cónaí.

Ullmhúchán

Déan iarracht léarscáil ar scála mór a fháil de thailte na scoile. Is acmhainní an-úsáideacha iad seo do go leor gníomhaíochtaí tíreolaíochta. Is féidir iad a cheannach ón OSI nó ó chomhairlí áitiúla. Murar féidir é sin a dhéanamh bheidh léarscáil a tarraingíodh le lámh oiriúnach freisin.


Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • breathnú ar thréithe na timpeallachta áitiúla, go háirithe ar ghnáthóga ainmhithe agus iad a phlé agus meas a bheith acu orthu;
  • tuiscint a fhorbairt go roinneann daoine an timpeallacht le hainmhithe agus le plandaí;
  • freagracht a fhorbairt maidir le cúram a ghlacadh ar an timpeallacht agus í a fheabhsú; agus
  • cur síos a dhéanamh ar bhreithnuithe agus iad a phlé, go háirithe maidir le suíomhanna éagsúla, ag baint úsáide as foclóir atá ag leathnú agus as pictiúir.

Acmhainní

  • Is féidir grianghraif de ghnáthóga m.sh cathair, páirc, coillte srl a fháil ón idirlíon agus ó irisleabhair; nó is féidir féachaint ar ghrianghraif ar Imscrúdú 04a – ‘Cad ba mhaith le féileacán?’
  • Tailte scoile & cláir fháisce (roghnach)
  • Bileog oibre ‘Cén áit ar thailte na scoile ba mhaith le féileacán cónaí? (Imscrúdú 04b)

Pdf Imscrúdú 4a: Cad a thaitneodh le féileacán?
Size: 7.1M bytesModified:  9 February 2011, 15:03
Pdf Imscrúdú 4b: Cén áit ar thailte na scoile ba mhaith le féileacán cónaí?
Size: 24.3K bytesModified:  9 February 2011, 15:03

Gníomhaíochtaí foghlama

1. Bíonn gnáthóg shonrach de dhíth ag gach céim den saolré. Tabhair isteach caint faoi na gnáthóga mar áiteanna ina gcónaíonn ainmhithe/plandaí/daoine. Iarr ar na leanaí cur síos a dhéanamh ar a gcuid gnáthóg phearsanta féin.

2. Iarr ar na leanaí na hainmhithe a mheaitseáil lena gcuid gnáthóg m.sh teach – duine, nead –éan, srl. Iarr ar na leanaí míniú a thabhairt cén fáth a gcónaíonn gach ainmhí sna háiteanna sin.

3. Iarr ar na leanaí seasamh suas agus a gcuid grianghraf ar ghnáthóga a rangú in dhá chatagóir: áiteanna a thaitneodh le féileacáin (coill, páirc, crainn, srl) agus áiteanna nach dtaitneodh leo (monarcha, cathair, cistin, srl).

4. Tabhair amach cóipeanna d’Imscrúdú 4a – agus iarr ar na leanaí a léiriú ar mhaith le féileacán cónaí sna háiteanna seo.

5. Tabhair amach an bhileog Imscrúdaithe (Gníomhaíocht 04b) ‘Cén áit ar thailte na scoile ar mhaith le féileacán cónaí?’ agus seiceáil tailte na scoile d’áiteanna a bheadh oiriúnach d’fhéileacáin. Críochnaigh an bhileog imscrúdaithe le ticeanna.

6. Ar léarscáil den scoil, marcáil cén áit is fearr d’fhéileacáin.

7. Labhair faoin gcúis go bhfuil áiteanna áirithe oiriúnach d’fhéileacáin. Ceangail é seo le timpeallachtaí maithe nó dona d’ainmhithe eile.

8. Labhair faoi na háiteanna is fearr atá ann do leanaí. Iarr ar na leanaí an timpeallacht is fearr leo féin a tharraingt.


Nótaí

Tá riachtanais áirithe ag féileacáin le linn gach cuid dá saolré. Chun féileacáin a spreagadh ní mór boilb a spreagadh chomh maith. Meallann na gnéithe seo a leanas féileacáin:

• Meallann bláthanna dearga, oráiste, buí agus bándearga a bhíonn i gcnuasaigh féileacáin.
• Is maith le féileacáin plandaí freisin lena n-áirítear cairéid, peirsil, brocailí, cabáiste agus lusanna gréine.

• Is maith le féileacáin clocha chun bolg le grian a dhéanamh.

• Tugann tithe féileacán deis d’fhéileacán nead a dhéanamh agus bíonn siad leagtha amach chun éin agus creachadóirí eile a choinneáil amach.

Gníomhaíochtaí eile

Dear limistéar de thailte na scoile ionas go mbeidh siad ‘oiriúnach d’fhéileacáin’ agus ag cur na gnéithe a leagtar amach thuas san áireamh.