Amhráin II

Guth na mBárd

Tadhg Ó Donnchadha

Connradh na Gaedhilge, 1914, 53 leathanach

Foilseachán de chuid Chonradh na Gaeilge. Chuir an t-údar na h-amhráin seo le chéile i leabhar ar mhaithe le lucht fóghlama fhilíocht na Gaeilge. Molann sé don léitheoir giotaí dena h-amhráin a chur de ghlan mheabhair chun feabhas a chur ar a chuid cainte féin. I measc na n-amhrán tá 'Gile na Gile' le Aodhagán Ó Rathaille, 'Ím Sceól ar Árdmhaigh Fáil' le Seathrún Céitinn agus 'Anach Cuain' de chuid an Reachtúirigh. Tá nótaí leis na h-amhráin ar fad ina ndéantar cur síos mion ar mheadaracht agus friotal na n-amhrán. Leabhar spéisiúil.

Amhráin Thomáis Ruaidh [File Uibh Ráthach] 1785-1848

Séamus Dubh a bhailigh

M.h. Gill & Sons, Ltd., 1914, 112 Leathanach

Rugadh Tomás Ruadh timpeall 1785 gar do Bánárd, Co. Chiarrai. D'fhás sé suas in áit a bhí lán de thírghrá, grá don léann, fuath na ndlíthe eachtrannach agus gan aon easaontas idir an Chaitliceachas agus an Phrotastúnachas. Áit idileach don fhile seo is dóigh; ceantar a raibh neart filí, amhránaithe, damhsóirí agus cluichí de chuile chineál. Chuaigh sé ar scoil in áit a dtugtar 'Gort na Cille' air. Tá liosta de na daoine ar bailíodh na hamhráin uathu ann. Is léir go raibh aithne ag an bhfile agus Domhnaill Ó Conaill ar a chéile. Tá amhráin anseo ag moladh Uí Chonaill m.s. 'Sé Domhnaill Bill Ó Conaill Caoin' agus ''áilte is Fiche'. Tá fiche agus a hocht amhrán agus giotaí beaga éagsula eile sa leabhar.

Amhráin Chuige Chonnacht

Dubhglas de hÍde (An Craoibhín)

Mártan Lester, TTA., 78 Leathanach

Deireann an Craoibhín sa leabhar spéisiúil seo gurbh iad na hÉireannaigh an cine is mó, seachas na Spáinnigh, a bhfuil suim sna seanfhocail acu. Bhailigh sé na seanfhocail agus na rannta uilig ar fud Chúige Chonnacht. Déantar cur síos ar Fhionn Mac Cumhaill sna rannta freisin.

Abhráin Airt Mhic Cubhthaigh agus Abhráin Eile

Énri Ó Muirgheasa do chruinnigh agus do chuir in eagar, 1915, 207 leathanach.

Tá notaí, foclóir &rl. ag deireadh an leabhair. Tá cuid de na nótaí ón údar féin. Tá fiche agus a dó amhrán le Art agus ceathair déag amhrán le filí eile. Tá réamhrá fada agus go leór notaí i mBéarla. Rugadh Art thart ar an mbliain 1715 i mBaile an Achaidh i bParóiste an Chregáin, Co. Árd Mhacha. Is é Úir-Chill an Chreagáin an chéad amhrán sa leabhar agus an t-amhrán is mó atá luaite leis agus a chastar fós ar fud na hÉireann.

Óir-Chiste

Séamus O hAodha, M.A.

Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teóranta, 89, Sráid an Tálbóidigh, B.Á.C. 1922. 155 leathanach.

Duanaire liricí atá sa chnuasach seo "don aos foghluma" agus is cinnte gur óir-chiste atá ann. Glacann an t-údar buíochas le máthair Phádraig Mhic Phiarais faoi cead dhá dhán leis a chur i gcló: 'Mise Éire' agus 'Fada Liom do Theacht'. Tá go leor dánta eile anseo a bhfuil cáil orthú, 'An Ghleann inar Tógadh Mé' ina measc. Tá dán breá le Rafterí ann a bhfuil "Aithrighe" mar theideal air. Tá rian nua-aimseartha le tabhairt faoi deara ar an dán 'Na Coisithe' le Liam S. Gógan. Tá nóta eolais roimh na ndánta ar fad le foclóir agus gluais ar chúl an leabhair.

Amhrain Sheumais Mhic Chuarta (an cheud chuid)

Lorcán Ua Muireadhaigh, Sagart, do chruinnigh agus do chuir in eagar

Preas Dhún Dealgan, 1925, 105 leathanach

Tá stór mór de dhánta Mhic Chuarta sa mbailiúchán seo, ina measc tá a shaothar ar fad as ÓMéith maraon le nótaí faoina dhánta uilig. Léiritear tuairimí Uí Mhuireadhaigh agus déantar díospóireacht faoi cén áit do déireach a rugadh an file.


previousPrevious - Amhráin