Creideamh

Turas an Oilithrigh

John Bunyan do scríobh, "An Buachaillín Buidhe" do chuir Gaedhilge air.

Alec Tom agus a Chuid, Teor., Sráid Cró, B.Á.C. 1928. 219 leathanach.

Aistriúchán ón mBéarla atá anseo do leabhar cáiliúil John Bunyan, "The Pilgrim's Progress". Tá na pictiúir go h-álainn ar fad go h-áirithe ar leathanach teidil an leabhair. Tá aguisín gearr ar a chúl.

Na Cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua

An tAthair Peadar Ó Laoghaire, Canónach, S.P.

Brún & Nuallán, Baile Átha Cliath, 1915, 287 leathanach.

Aistriúchán ó Laidin na Vulgáta; agus do bheithnigh An tAthair Gearóid Ó Nualláin M.A., iad i gcomparáid leis an nGréigis agus leis na h-aistrighthibh ar a bhfuil deighmhear na h-Eaglaise. Maitiú, Marcus, Lúcás agus Eoin. Tá nótaí tagartha leis.

Cuairteanna ar an tSácramaint Ró-Naomhtha agus ar an Mhaighdin Bheannuighthe Muire

Naomh Alphoin M. Lioguóiri

Seaghan Mac A' Bháird a d'aistrigh

Séamus Ó Dubhthaigh agus a chuideachta, Teo., 1906 141 Leathanach.

Aistriúchán ar shaothar Naomh Lioguóirí atá anseo. Tá smaointe agus paidreacha le léamh ann agus duine ag tabhairt cuairt ar an tSacramaint Rónaofa agus ar an Mhaighdean Bheannaithe do gach lá sa mhí. Dár le Naomh Alphoin scríobh sé an leabhar i stíl an-simplí mar shíl sé go mbeadh sé níos tairbhí mar sin ag an uile dhuine.

Sgéalaidheacht Na Macabéach

An tAthair Peadar Ó Laoghaire, Canónach, S.P.

Brún agus Ó Nóláin, Teor., B.Á.C. 1925. 148 leathanach.

Baineann na scéalta nó cuid mhór acu leis an am timpeall na bliana 166 R.C. Tá cur síos déanta ar dhaoine cosúil le Judas Maccabaeus agus a mhuintir na Hasmonaeans. Siad na Hasmonaeans céanna a shaor na Geudaigh uaidh iarsmacht Rí na Siriach, Antiochus Epiphanes.

Cunntas Geárr ar neithibh atá ins An Scríbhinn Diadha

 

Athair Máirtín Ó hÉilighe.

M.H. Gill agus a Mhac, Teo., 50, Sráid Uach. Uí Chonaill. 1905, 41 leathanach. Míniú focal i chuile chaibidil.

Cruthú an Domhain, Adhaim, Éabha, Cain, Abel, An Dile, Túir Bhabeil go bás Mhaoise, a.c. 1451. Ante Cristum.


Next - Creideamh IInext