Creideamh II

Beatha Bhréandain

Seán Ua Ceallaigh

M.H. Mac Guill & a Mhac, 1915, 92 leathanach.

Ba duine an-naofa é Breandán agus bhí go leór miorúiltí ag baint leis, fiú thóg sé daoine ón mbás.

Lorcán Naomhtha Ua Tuathail

An tAth. Benedicht, O.C.D.

Muinntir C.S. Ó Fallamhain, Teo., i gcomhar le hOifig an tSoláthair. 1929. 174 leathanach.

Rugadh Lorcán Ó Tuathail sa mbliain 1128. Tá cuntas ar a shaol ar fad sa leabhar seo. Nuair a bhí sé 12 bliain d'aois, glacadh leis i Mainistir Gleann Dá Loch. Ina dhiaidh sin bhí sé ina Abb ar an Mainistir agus ansin ina Árd Éaspag ar Bhaile Átha Cliath. Bhí sé san bpost sin nuair a tháinig na Gaill go hÉirinn in 1169. Throid sé ar son an chreideamh agus ar son a thíre. Fuair sé bás i ndeoraíocht, nuair a bhí sé ar an Mór Roinn, ar a bhealach chun labhairt leis an Rí Anraí ar son Ruaidhrí, Rí Chonnacht.

Seanmóirí Muighe Nuadhad

An Ceathramhadh imleabhar. Seacht Seanmóir Déag.

Séamus Ua Gallchobhair, Dochtúir Diadhachta agus Easpog Rath Bhoth,

Pól Breathnach a chur in eagar, 1911, 192 Leathanach.

Tá seacht seanmóir déag ar fad sa leabhar seo . Tá siad uilig cumtha ag Séamus Ua Gallchobhair, D.D. Easbag Ráth Bhoth 1725-1737. Ceaptar gur i gTír Chonaill a rugadh an tEaspag thart ar 1681. Chaith sé tamall i bPáras agus tamall sa Róimh.

Beatha Íosa Críost

Pádraig Ó Baoighealláin agus Pádraig de Brún a chuir in eagar.

Fé Chomhartha na dTrí gCoinneal, 1929, 267 leathanach.

Beatha Íosa Críost a scríobhadh ó bhriathra na gCeithre Soiscéal agus é aistrithe go Gaeilge ón nGréigis. Is do réir Shoiscéal Lúcais agus Eoin atá sé déanta. Tá gluais agus treorú leis an leabhar.

Críost Mac Dé (Cuid a hAon)

An tAthair Peadar Ó Laoghaire

Brún agus Ó Nóláin, teo., 1923, 167 leathanach.

Cur síos ar chuid de shaol Chríost. Tosaíonn sé i nGáirdín Phárthais. Tá cur síos ar Eoin Baiste, An Teicheadh go dtí an Éigipt, An Troscadh sa bhFásach, Míorúilt an Uisce agus an Fhíona agus miorúiltí eile, ag Glanadh an Lobhar &rl.


previousPrevious - Creideamh