Filíocht

Ar Bhruach na Coille Muaire

Liam Dall Ó hIfearnain cct.

Ar na chur in eagar do Risteárd Ó Foghludha ("Fiachra Éilgeach"); Oifig an tSoláthair, 105 leathanach.

Is i ndeisceart Thiobraid Árainn a rugadh an file Liam Dall Ó hIfearnáin thart ar 1720. Tá cur síos ar a shaol agus a chuid filíochta sa leabhar seo.

Filidheacht Sheagháin Uí Neachtain

 

Úna Ní Fhaircheallaigha bhailigh. Connradh na Gaedhilge, 1911, 25 leathanach.

Cnuasach filíochta le Seaghan Ó Neachtain atá anseo. Sí Úna Ní Fhaircheallaigh a bhailigh na dánta agus a chuir iad in eagar do Chonradh na Gaeilge. Insíonn sí dúinn sa réamhrá nach bhfuil sa chnuasach seo ach cuid d'amhráin Uí Neachtain agus go raibh sí ag súil go gcuirfí an chuid eile ós comhair an phobail go luath nuair a d'fhéadfaí breithiúnas ceart a thabhairt ar a shaothar. Dánta grá den scoth agus dánta molta atá sa chnuasach suimiúil seo. Tá foclóir leis.

Maidean i mBearra agus Dánta Eile

"Crádh Croidhe Éigeas" do scríobh.

Cló na gCoinneal, 44 Sraid Dasúin, Áth Cliath. 1918. 38 leathanach.

'Caoineadh ar Phádraig Ó Laoghaire', 'Amhrán Dóchais', 'Trí Thréithe na Féinne', 'Do Ghaedhaelaibh Béal Feirsde' agus tuilleadh.

 

Saothar Filidheachta An Athar Pádraigín haicéad

Tadhg Ó Donnchadha do chuir i n-eagar. M.H. Gill agus a Mhic, Teor. 1916. 192 leathanach.

Tá filíocht agus cuid mhór staire sa leabhar seo. Níltear cinnte go direach cén bhliain a rugadh Pádraigín Haicéad ach is cosúil go raibh sé timpeall na bliana 1600. Ceaptar gur i gCaiseal Mhumhan a tháinig sé ar an saol. Orníodh é ina shagart thart ar an mbliain 1627. Is fiú go mór a chuid filíocht a léamh.


Next - Filíocht IInext