Filíocht III

Rubállát Omár Callám

 

Tadhg Ó Donnchadha, (Torna). Mártan Lester, 1920, 33 Leathanach.

Aiste Filíochta a scríobhadh ar dtús sa Pheirsis. Séard atá sa saother seo ná aistriúchán Gaeilge ó Aistriúchán Bhéarla a déanadh ar an mbun téacs. Ba é Omár Allám ó Naiseápúr i bPeirse an file a scriobh faoina shaol thart ar an dara h-aois déag. Tá leathanach teidil deas agus tagairtí ar chúl an leabhair.

 

Ceol Abhann Agus Gleann

 

Donnchadh Ó Liatháin "An Rí Liath"

Oifig an tSoláthair. Baile Átha Cliath. 1937. 93 leathanach.

Árd-fhilíocht ó Chúige Mumhan agus is féidir cuid de na dánta a chanadh. Tá cuid de na píosaí nua-aimseartha go maith, mar shampla, 'Dámhscoil Mhúscraighe'.

Réalta De'n Spéir

Seosamh Laoide do chuir i n-eagar.

Connradh na Gaedhilge, B.Á.C., 1915. 242 leathanach.

Aistí agus filíocht ar nós 'An tAsal Mallughthe' agus 'Úrchill a' Chreagáin''. Is d'ollscoileanna agus meánscoileanna a scríobhadh an leabhar.

Laoi Oisín ar Thír na N-Óg

Micheál Coimin do scríobh, Curtha in eagar ag Tomás Ó Flannghaile. M.H. Gill and Son Ltd., B.Á.C. 186 leathanach.

Píosa an-fhada filíochta atá sa leabhar seo. Cuirtear sios ar Oisín i dTír na n-Óg agus a theagmhail le Naomh Pádraig. Is é Micheál Coimin a rugadh i 1688 a scriobh an fhilíocht.

 

Riobárd Bheldon, File an Chomaraigh

 

Pádraig Ó Dálaigh a chur in eagar. Comhlucht Oideachais na hÉireann, teo. 31 leathanach.

Tá go leor eolais tugtha i réamhrá an leabhair seo faoi thábhacht na bhfilí sa tsean aimsir. Cailleadh meas ar na filí i go leor áiteanna nuair a cailleadh an Ghaeilge. Bhí Riobard Bheldon beo fós i 1900 agus ba cúis bróin dó go raibh an Ghaeilge ag imeacht. Lean sé den cheird ag cumadh filíochta mar a fheicimíd sa leabhar suimiúil seo.

Scoth Duanta

 

Risteard Ó Foghludha a chuir in eagar. Brún agus Ó Nualláin, teo., 95 leathanach.

Diolaim d'fhilíocht an ochtú haois déag atá anseo a bhí feiliúnach i gcóir chlár na mean-scoileanna. Tá na mór fhilí ar fad anseo, Mac Coitir, Mac Cuarta, Ó Raithile, Ó Suilleabháin agus Ó Reachtaire ina measc. Tá dhá nó trí dhán le gach file sa leabhar agus gluais leo. Rud spéisiúil faoin leabhar seo ná go bhfuil scéal faoi bheatha na n-údar curtha san áireamh. Is féidir lion agus tábhacht mór fhilí na hÉireann a mheas ón leabhar seo.


previousPrevious - Filíocht II
Next - Filíocht IVnext