Filíocht IV

Filidhe na Máighe

 

Amhráin Sheain Uí Thuama & Aindriais Mhic Craith, curtha in eagar ag An Athair Pádraig Ua Duinnin.

M.H. Gill & a Mhac, Teo., 1906, 208 leathanach.

Tugann an fhilíocht seo léargas dúinn ar shaol na ndaoine i gceantair i gCúige Mumhan le linn aimsir na bPéindlithe. Tá an greann agus an spraoi go láidir sa bhfilíocht seo.

Nua-Dhánta

 

Liam S. Gógan. Maunsel agus A Chomhlucht, Teo., B.Á.C. 1919. 39 leathanach.

Cnuasach dánta leis an bhfile Liam S. Gógan. Is do Austin Clarke atá an dán 'File Caoin Óg' scríofa. I measc na dánta eile tá 'Cruitireacht' agus 'Caoineadh Seoirse Uí Chobthaith Seanchaidhe Éireann'. Leabhar spéisiúil.
 

Céad de Cheoltaibh Uladh

Énrí Ó Muirgheasa

M.H. Giolla agus a Mhac, 1915, 347 leathanach.

Seo é an chéad leabhar de dhánta Uladh sa nua Gaeilge a foilsíodh ariamh. Bailiúchán de chéad dán, caoga agus a dó acu a bailíodh ó fhoinnsí béil. Is i gCúige Uladh, Co na Mí agus Co. Lú a bailíodh iad go léir. Tá dánta grá, dánta faoi an tobac, sport agus rudaí eile san leabhar iontach spéisiúil seo.

Cnuasacht Chomhagall

 

(as leabharraibh láimh sgríobhtha)

Tomás de Róiste

Pádruig Ó Briain, 1901, 56 leathanach.

Cómhrá idir an bás agus othar atá anseo. Tá sé ar fad i bhfoirm dáin. Tá marbhna an Athair Ó Caomhánaigh leis an Athair Séamus Ó Leathluair ag deire an leabhair.
 

Caoine Airt Uí Laoghaire

 

Shan Ó Cuív.

Brún agus Ó Nóláin, teo., 1923, 43 leathanach.

Tá an leabhar seo bunaithe ar an dán fada sin Caoine Airt Uí Laoghaire. Is fiú go mór an leabhar seo a léamh chun blaiseadh na filíochta a fháil. Níl sárú Eibhlín Dhubh Ní honaill mar fhile le fáil. Tá sé le tabhairt faoi ndeara freisin, an grá a bhí aici do Art Ó Laoghaire.

Eoghan Ruadh Ua Suilleabháin

 

Eoghan Ó Suilleabháin, 194 leathanach.

Is iomaí rud a tharraing Eoghan Ruadh ar a lámha. Bhí sé ina sclábhaí ar feadh tamaill, ansin chuaigh sé le gairm na múinteoireachta agus chaith sé scaitheamh san arm. Thar aon rud eile is lena chuid filíochta is mó a mhaireann a cháill. Chum sé go leor aislingí agus gach ceann acu ag baint barr dá chéile le háilleacht. Is fiú go mór 'Tráth is mé Cois Leasa' a léamh.


previousPrevious - Filíocht III