Ilgnéitheach II

Comhacht Uisce in Éirinn

A. Breathnach agus P. Ó Domhnaill

Chló-bhualadh do Chló-lucht Seandúna, Sráid Roibeáird, Corcaigh. 1919. 40 leathanach.

Tá an t-eolas teicniúil ar fad a bhain le cumhacht uisce in Éirinn ag an am sa leabhar seo. Tá foclóir agus léaráidí ann le leathanach teidil deas.

 

Sloinnte Gaedheal Is Gall (Cuid a Dó)

An tAthair Pádraig De Bhulbh do chnuasuigh.

M.H. Mac An Ghoill agus a Mhac, B.Á.C. 1922. 12 leathanach.

Is leagan Ghaeilge-Béarla den leabhar Béarla-Gaeilge, Sloinnte Gaedheal is Gall 1, leis an údar céanna atá sa leabhar seo. Cheap an tAthair de Bhulbh go mbeadh leabhar mar seo an-úsáideach do fhostaithe in Oifigí Poist agus do na seirbhísí poiblí eile a bhí anois faoi rialtas an tsaorstáit.

Scríobhnóiri Móra Chúige Uladh

Cú Uladh agus a chuid, 1925, 30 leathanach.

Cur síos ar bheatha agus saothair scríbhneoirí móra Chúige Uladh ó Mhaghnus Ó Domhnaill (1530) go dtí an Easbog Ó Gallchobhair (1750). Tá nótaí agus sanas leis an leabhar.

Aodh Mac Aingil agus An Scoil Nua-Ghaedhilge i Lobháin

Tomás Ó Cléirigh, M.A.,

Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 5, Sráid Thobair Phádraig, B.Á.C.,2 1844. 134 leathanach.

Tugtar eolas anseo ar Scoil Sheanchais na Lobháine agus na bunaitheoirí, ina measc Aodh Mac a'Bhaird. Ba mac é le Eoghan Mac a'Bhaird agus Máire Ní Chléirigh as Leitir i nDún na nGall. Is ina dhiaidh sin a bunaíodh an scoil Nua Ghaeilge i Lobháin.

Sgothbhualadh

An tAthair Peadar Ua Laoghaire.

Brún agus Ó Nóláin, Teor. B.Á.C., Béal Feirste, Corcaigh agus Portláirge.

Tá an leabhar seo i bhfoirm cómhrá idir Thadhg agus Dhonnchadh. Tugann sé seo saoirse don údar díospóireacht íorónta a bheith aige ar chúrsaí an t-saoil in Éirinn. Cuireann sé ceisteanna mar shampla faoin imirce agus faoi dhearcadh dhaoine áirithe i leith athbheóchan na Gaeilge.


previousPrevious - Ilgnéitheach