Pádraig Ó Domhnalláin

1884-1960

Rugadh in Uachtar Ard, i gCo. na Gaillimhe. Bhí Gaeilge aige ón tús, mar ba togha Gaeilgeóirí a mhuintir. Cé go raibh Gaeilgeóiri dúchasacha in Uachtar Ard nuair a rugadh Pádraig, bhí an Béarla ag sní isteach sa gceantar. Ní raibh aon Ghaeilge sa scoil ar fhreastal sé uirthi in Uachtar Ard, ach níor chuir sin aon bhac air. Rinne sé go leor léitheóireachta Gaeilge, agus bhí sé ag scríobh san gClaidheamh Solais agus é an – óg. Bhí Colm de Bhailís, an file as Leitir Mealláin, i dTeach na mBocht in Uachtar Ard ar feadh roinnt blianta, agus chuir Padraig aithne mhaith air. Scríobh sé síos seacht gcinn déag d'amhrain ó bhéal an fhile.


Bhí Craobh de Chonradh na Gaeilge bunaithe in Uachtar Ard, agus bhí Pádraig mar rúnaí ar an gCraobh. Múinteóir Gaeilge a bhí ann níos deireanaí, agus mhúin i gCo. an Dúin ar feadh cupla bliain, agus ina dhiadh sin i gCo. Shligigh. Phós sé bean as Sligeach. Bhí sé ina Ollamh i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh, agus nuair a bhásaigh Micheál Breathnach i 1908, ba é Pádraic a tháinig i gcomharbacht air mar Ard Ollamh. Chaith sé trí bliana déag sa bpost sin. Bhi sé gníomhach sna hÓglaigh nuair a bhí sé i Sligeach, agus chaith tamall i bpríosún mar gheall ar óraid a thug sé in aghaidh coinscriofa.


D'aistrigh go Bleá Cliath i 1920, agus bhí sé an – ghníomhach i ngnaithí Chonradh na Gaeilge, ina eagarthóir ar ''Misneach'', agus ''Fáinne an Lae''.Nuair a nochtadh dealbh Phádraic Ó Conaire ar an bhFaiche Mhór in nGaillimh sa mbliain 1935, ba é Padraic a roghnaíodh chun cuntas a thabhairt ar shaol an scríbhneóra sin.


Bhain céim M. A. amach in Ollscoil Bhaile Átha Cliath sa mbliain 1937. Sa mbliain 1949 a d'éirigh sé as a chuid oibre. Tá sé curtha i nGráinseach an Déin.

Cuid dá shaothar

Dréachtaí ; aistí,
Sgéalta Eorpacha is eile

Oidhre an leighinn; aistí,
Conamara; gearrscéalta.
Ar Lorg an Ríogh agus sgéalta eile,
Na Spiadoirí; agus scéalta eile,
Tacar; amhrán.
Bruth, Fá, Thír i bpáirt le Tomás Ó Raghallaigh.


previousPrevious - Tomás Bán Ó Conceannain
Next - Pádraig Ó Duinnínnext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections