Stair III

Gregoire agus Iom-Chlódh na Frainnce

Mac Giolla Bhride.

An Tir, 63 leathanach.

Ba Poblachtánach é L'Abbé Henri Gregoire a rinne, dár leis an údar, a chion féin chun Poblacht na Fraince a chur ar bun. Cúpla lá roimh na Réamhlóide, scríobh lé litir poiblí chuig an chléir ag iarraidh orthu cur in aghaidh na n-uaisle agus na nEasbag agus comh-oibriú leis an Treas-Stát i.e. An Choitcheanntacht. Tá cur síos sa leabhar seo ar an bpáirt gníomhach a bhí le plé ag an Abbé Gregoire le linn Réabhlóid na Fraince agus ina dhiaidh. Tá roinnt nótaí insan leabhar as doiciméadaí na linne sin, níl na piosaí sin aistrithe go Gaeilge, dá bhrí sin bheadh sé deacair ag an léitheoir an leabhar a leanúint gan Fraincís a léamh.

Alasdair Mac Colla

Seosamh Laoide do chur le chéile. Déantúisí ó Eoin Mhac Néill agus Niall Mac Muireadhaigh.

Connradh na Gaedhilge, 1914, 76 leathanach le foclóir.

Ba Taoiseach cogaidh a bhí in Alasdair agus maireann a cháil agus a chlú i Rachlainn agus i nGaedhealtacht na hAlban fós. Bhí a chuid éachta cosúil le éachta ón bhFiannaíocht. Throid sé in Éirinn agus in Albain. Ba as Cúige Uladh a chuid saighdiúirí agus ba iomaí cath fíochmhar a thugadar in aghaidh na nGall. Ba de shlíocht Dhomhnallaigh Aontroma é Alasdair.

Pádraig Mac Piarais

Séamus Ó Searcaigh, M.A., Ph.D.

Oifig an tSoláthair, 263 leathanach.

Tátagairt do Chath Chion tSáile ag tús an leabhair agus mar a bhí an Galltachas ag brú isteach agus go mba é teicheadh na nIarlaí a d'fhág go leor talamh le roinnt amach ar na Gaill. Smaointigh a nocht an Piarsach ina chuid scríbhneoireachta is mó atá faoi chaibidil san leabhar seo.


Catilina

An t-Athair Peadar Ua Laoghaire a d'aistrigh.

Brún agus Ó Nóláin, 92 leathanach.

Aistriúchán leis an Athair Uí Laoghaire ar 'Catiline' atá san leabhar seo. Cauis Salustius Crispus a scríobh cúntas ar Chogadh Chatilina ar dtús. Tá foclóirín leis an leabhar.


previousPrevious - Stair II