Úrscéalta II

Mór-Thimcheall Éireann ar Mhuir

Pádraic Ó Conaire a scríobh, Micheál Ó Maoláin a chur in eagar.

Taisceadhán Ádhbhar Léighinn do Scoileannaibh Eireann, Faithche Naoimh Stiofáin, 110, B.Á.C. 35 leathanach.

Bhí Colm Ó Neachtain ina shuigh cois cladaigh lá. Tháinig long i dtír agus thug an caiptín Colm ar thuras timpeall chósta na hÉireann. Ba é Manannán Mac Lir an caiptín loinge agus foireann loinge as Tír na nÓg leis. Ba liosta le háireamh an fhoireann sin; Colm Cille, Na Ceithre Máistrí, Clann Uisnigh, Seán an Diomais, Deirdre, Méadh, Brian Bóirmhe, an Ri Cormac &rl. Scéilín gleóite.

Deoraidheacht

Pádraic Ó Conaire

Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta, 89 Sráid an Talbóidigh, B.Á.C. agus Corcaigh. 149 leathanach.

An dara eagrán den úrscéal cáiliúil le Pádraic Ó Conaire. Leabhar tábhachtach a dhéanann cur síos ar Ghaillimheach atá ar deoraíocht i Londain. Cur síos é ar uaigneas an deoraí agus é i bhfad ó bhaile.

Cnoc na nGabha

Cathal Cicham do scríobh, Micheál Breathnach "Cois-Fhairrge" do chuir Gaedhilge air.

S. Ó Dubhthaigh agus a Chuideachtain Teór agus Connradh na Gaedhilge B.Á.C., 1906, 156 leathanach.

Aistriúchan ón mbéarla le Micheál Breathnach, Cois Fharraige, den scéal 'Knocknagow', le Charles J. Kickam.

Draoidheacht na Fairrge

Pádraig Óg Ó Conaire

Cumann Liteardha na mBeanna Beola. 1927, 62 leathanach.

Is álainn an leabhar bheag í seo. Cuireann an scéal síos ar shaol bhuachaill óg agus é ag imeacht leis cois cladaí in áit deas ar nós Chonamara. Bhíodh go leor brionglóidí aige i dtaobh rudai a bhíodh ag titim amach i bhfad i gcéin. Is cosúil go raibh sé i ngrá le cailín óg ach d'iompaigh sí ina maighdean mhara, - tárlaíonn na rudaí sin anois is arís, mar sin féin bheadh daoine ag súil nach ró-mhinic é.

An Chroch Gheal

(An ceathramha roinn de sgéaluidheacht Chúige Mumhan)

Pádraig Ó Laoghaire

Connradh na Gaedhilge 1905, 48 leathanach.

Sean-seanscéal atá anseo. Bhí triúr mac ag deartháir Áraoisteatoil. Is faoin duine ab'óige acu is mó atá an scéal seo, agus an chaoi ar éirigh leis iníon an Mhéire a fháil do féin.

Máire Ní Rógáin

(An Seiseadh Roinn de Sgéaluidheacht Chúige Mumhan.)

Pádraig Ó Laoghaire

Connradh na Gaedhilge, 1906, 20 leathanach.

Óg-Bhean breá as Ciarraí nach bpósadh aon duine ach an duine a rithfeadh ó Chiarraí go Baile Átha Cliath in aon lá amháin agus a mbeadh fáinne pósta leis.


previousPrevious - Úrscéalta
Next - Úrscéalta IIInext