Úrscéalta III

Eachtra Robinson Crúsó

Tadhg Ó Murchadha (Seandún) a d'aistrigh go Gaeilge

Connradh na Gaedhilge, 1909, 293 leathanach.

Leagan Gaeilge den scéal fada le Daniel Defoe 1606-1731. Ba Sasanach é Defoe. Bhi sé seasca bliain d'aois nuair a thosaigh sé ag scríobh úrscéalta. Sa bhliain 1719 a scríobh sé Robinson Crúsó. Tá an scéal scríofa sa gcéad phearsa agus cuireann síos ar an duine in aghaidh an nádúr. Tá an scéal bunaithe ar eachtraí máirnéalaigh Alexander Selkirk, a chaith tréimhse ar oileán uaigneach mara.

Eachtra Thaidhg Mhic Céin

Pádraig Ua Siochfradha (An Seabhac) a scríobh.

Connradh na Gaedhilge, 1914, 72 leathanach.

Ba Flaith uasal as an Mumhan é Tadhg Mac Céin Mhic Oiolla Óluim. Chroch Rí ó thar lear bean agus clann Thaidhg leis. Bhailigh Tadhg arm agus chuaigh sé ar a dtóir. Sin í an eachtra atá sa scéal seo.

Cormac Ua Conaill

An tAthair Pádraig Ua Duinnín, M.E.

Connradh na Gaedhilge, B.Á.C. 1905, 157 leathanach.

Úrscéal a bhaineann le hÉirí Amach Iarla na Deasmhumhan (1579-1583). Téann an príomh charactair, an fear óg misniúil, Cormac Ua Conaill chun tacaíocht a thabhairt do Sheáin Mac Gearailt san Éirí Amach.

Eisirt

An tAthair Peadar Ó Laoghaire

Brún agus Ó Nóláin, Teo. 1909, 102 leathanach.

Ón seanscéal 'Eachtra Righ Thuaithe Luchra is Lupracán go Heachain'. Tá sé ráite ag tús an scéil seo go bhféadfadh sé go raibh baint éigin ag an scéal le scéal Swift agus go mba é an bunús é don scéal 'Voyage to Lilliput' agus chomh maith leis sin go dtug sé cabhair do Swift leis an scéal 'Brobdinging'. Tá an scéal seo san gcéad chuid de 'Aidedh Fergusa'(The Death of Fergus) mar atá i 'Silva Gadelica' le Standish Ó Grady.


previousPrevious - Úrscéalta II
Next - Úrscéalta IVnext