Fiosrúchan 6

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Rudaí a dhéanamh

Príomhcheisteanna
Cad a úsáidimid?
Cad as a bhfuil rudaí déanta?

Imlíne
San fhiosrúchán seo déanann na leanaí imscrúdú cad a théann isteach i dtáirge.

Ullmhúchán
Caithfear na grianghraif ‘Arán a Dhéanamh’ (Fiosrúchán 06) a ghearradh suas. Féadfaidh na leanaí é sin a dhéanamh.

Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • tuairisc a thabhairt ar na céimeanna atá i gceist le harán a dhéanamh;
  • tús a chur le tuiscint a bheith acu ar gach a chuimsíonn táirgiúlacht: ionchur, próisis agus aschur – fiú amháin mura mbeidh siad ag úsáid na dtéarmaí sin; agus
  • tús a chur le tuiscint a bheith acu go mbíonn tionchar ar an gcomhshaol ag déanamh agus ag úsáid táirgí.


Acmhainní

  • Páipéar bán
  • Táirgí ón seomra ranga, e.g. nithe ó bhoscaí lóin nó ó bhoscaí pinn luaidhe
  • Pictiúir de na céimeanna a bhaineann le harán a dhéanamh (Fiosrúchán 06)
  • Siosúr
Pdf Imscrúdú 6: Arán a dhéanamh?
Size: 597.3K bytesModified:  8 February 2011, 15:27
Pdf Imscrúdú 6 (2): Arán a dhéanamh?
Size: 444.2K bytesModified:  8 February 2011, 15:28

Gníomhaíochtaí foghlama

1. Roinneann na leanaí rud le himscrúdú agus déanann siad machnamh ar cad as a bhfuil sé déanta. Greamaíonn na leanaí an ní i lár leathanaigh bháin agus pléann siad gach rud is féidir leo smaoineamh air a chuaigh isteach sa táirge sin:


Beidh ionchur ón múinteoir ag teastáil chun rudaí eile a chur san áireamh, mar shampla an ola a úsáidtear chun cumhacht a thabhairt do leoraithe iompair, an chruach a úsáidtear i meaisíní, srl.

2. Sórtálann na leanaí na cártaí chun ord a thabhairt don phróiseas déanta aráin in Imscrúdú 06. Ansin déanann siad plé ar na céimeanna a bhaineann leis an táirge a dhéanamh. Tugann an ghníomhaíocht sin tuiscint ar an gcoincheap gur iomaí fachtóir a mbíonn tionchar aige ar an gcomhshaol agus bia nua-aimseartha á tháirgeadh – fachtóir ollmhór é iompar, chomh maith le fuinneamh leictreach agus pacáistiú.

3. Labhraíonn na leanaí faoin tslí a mbíonn tionchar acu féin ar an gcomhshaol – ar bhealaí dearfacha agus ar bhealaí nach bhfuil chomh maith sin.

Nótaí

• D’fhéadfadh na leanaí acmhainn ar bith a úsáideann siad ar scoil cheana féin a úsáid maidir leis na gníomhaíochtaí seo.


• Bunús Táirgí in Éirinn
  Cá as do na táirgí a mbaintear úsáid astu in Éirinn, de ghnáth:

  • Bainne – Éire, an Eoraip n Siúcra – Éire san am atá caite, ach áiteanna eile san Eoraip anois
  • Cócó – Gána, an Cósta Eabhair n Plaisteach – ola, ón Meán Oirthear is dócha
  • Páipéar – an tSín n Adhmad – an Mhalaeisia, an Indinéis
  • Torthaí agus Glasraí – Éire, ach is féidir iad a iompar ó chomh fada i gcéin leis an Nua-Shéalainn