Fiosrúchán 12

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.




Turais inár gceantar


Príomhcheist
Cé chomh truaillithe is atá an t-aer?

Imlíne
Sa turgnamh seo faigheann na leanaí amach cé chomh truaillithe is atá an t-aer.
 

Ullmhúchán
Bailigh na hacmhainní thíos.

Torthaí foghlama


  • Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí go léir:
  • ar an eolas faoi thruailliú san aer;
  • in ann comparáid a dhéanamh ar thruailliú in áiteanna éagsúla; agus
  • ar an eolas faoi na foinsí truaillithe.

Acmhainní

  • Fochupáin bhána nó claibíní crúscaí suibhe
  • Glóthach pheitriliam, m.sh. Vaseline
  • Lipéid
  • Téip ghreamaitheach
  • Formhéadaitheoir
  • Bileog oibre Imscrúdú 12 ‘Cé Chomh Truaillithe is Atá an tAer?’
Pdf Imscrúdú 12: Cé chomh truaillithe is atá an t-aer?
Size: 30.9K bytesModified:  9 February 2011, 16:19

Gníomhaíochtaí foghlama

1. Déanann na leanaí monatóir aeir trí ghlóthach pheitriliam a chur ar fhochupán nó ar chlaibín chrúsca suibhe. Cuireann siad lipéid orthu lena n-ainmneacha agus na háiteanna a chuirfidh siad iad. Coimeádann na leanaí ceann amháin le cur sa seomra ranga – chun comparáid a dhéanamh leis na cinn a bheidh taobh amuigh. Greamóidh truailliú san aer den ghlóthach pheitriliam.

2. Cuireann na leanaí dhá mhonatóir aeir taobh amuigh, á ndaingniú le rud éigin ionas nach sciobfaidh an ghaoth iad nó nach líonfar le báisteach iad. Fágtar na monatóirí ansin ar feadh seachtaine. Bailíonn na leanaí a monatóirí aeir agus déanann siad grinnscrúdú orthu. Agus formhéadaitheoir á úsáid acu, déanann siad an méid a fheiceann siad a thaifeadadh ar an mbileog.

NÓTA: Níor chóir do na leanaí lámh a leagan ar an nglóthach pheitriliam ar na monatóirí agus ba chóir dóibh a lámha a ní tar éis an ghníomhaíocht a chur i gcríoch.

3. Labhrann na leanaí agus na múinteoirí faoin imscrúdú.

Nóta
• Féach www.enfo.iewww.epa.ie le haghaidh eolais ar cháilíocht aeir.