Fiosrúchán 13

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.




An iarmhairt cheaptha teasa


Príomhcheist
Cad í an Iarmhairt Cheaptha Teasa?

Imlíne
Faigheann na leanaí amach faoin Iarmhairt Cheaptha Teasa trí ghníomhaíochtaí éagsúla.

Ullmhúchán

Is fearr a oibríonn an ghníomhaíocht seo taobh amuigh ar lá grianmhar.

Torthaí foghlama

Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • turgnamh a chur i gcríoch;
  • cur síos a dhéanamh ar an Iarmhairt Cheaptha Teasa; agus
  • machnamh a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann leis an Iarmhairt Cheaptha Teasa.

Acmhainní

  • Crúsca gloine (ceann amháin ar a laghad – nó ceann amháin in aghaidh na beirte/an ghrúpa daltaí)
  • Grianghraf de theach gloine (cárta acmhainne 08) nó úsáid acmhainn idirghníomhach
  • Teirmiméadair (péire ar a laghad – nó péire in aghaidh na beirte/an ghrúpa)
  • Léaráid den Iarmhairt Cheaptha Teasa (cárta acmhainne 19) acmhainn idirghníomhach (ar fáil ar CD ROM nó ar chuid na mbunscoileanna ag www.enfo.ie)
  • Bileog gníomhaíochta Imscrúdú 13 – Turgnamh ar an Iarmhairt Cheaptha Teasa
Pdf Imscrúdú 13: Turgnamh ar an iarmhairt cheaptha teasa
Size: 138.3K bytesModified:  9 February 2011, 16:20


Gníomhaíochtaí foghlama


1. Féach ar theach gloine áitiúil nó taispeáin grianghraf den teach gloine (cárta acmhainne 08) do na leanaí. Cad is teach gloine ann? Cad le haghaidh a mbainimid úsáid astu? Conas a oibríonn siad? Féach an acmhainn idirghníomhach chomh maith.

2. Cuir na teirmiméadair taobh le taobh agus cuir an crúsca gloine anuas ar cheann amháin acu ar bhord nó ar leac ardaithe ar thailte na scoile.


3. Déanann na leanaí léamh a thógáil agus a thaifeadadh ó gach teirmiméadar láithreach, arís tar éis 30 nóiméad agus arís tar éis uair an chloig. Scríobhann siad na mionsonraí ar bhileog ghníomhaíochta Imscrúdú 13.

4. Pléigh an difríocht sa teocht. Ba chóir go mbeadh sé níos teo sa chrúsca de bharr go gcoimeádann sé na gáis san atmaisféar.

5. Tarraingíonn na leanaí a rogha graf (b’fhearr líneghraif ) ag úsáid grafpháipéir. Ba chóir go léireodh an graf go mbaineann an teirmiméadar a bhfuil an crúsca gloine anuas air teocht níos airde amach.

6. Ba chóir do leanaí úsáid a bhaint as an acmhainn idirghníomhach/as an mbeochan ar an Iarmhairt Cheaptha Teasa atá ar an CD-ROM nó ag www.enfo.ie. Féachann na leanaí ar bheochan faoin Iarmhairt Cheaptha Teasa.

7. Cuireann na leanaí lipéid ar léaráid (féach cárta acmhainne 19), i ngrúpaí, leis an bpróiseas arb í an Iarmhairt Cheaptha Teasa é, a léiriú.

8. Pléann na leanaí na buntáistí agus na fadhbanna a bhaineann leis an Iarmhairt Cheaptha Teasa.

Ceisteanna agus roinnt freagraí (do mhúinteoirí)

1. Cén fáth an bhfuil sé níos teo taobh istigh den chrúsca?

  • Scaoileann an ghloine fuinneamh na gréine isteach agus ansin coimeádann sí an teas.


2. Cad ba chúis leis an teocht sa chrúsca a bheith ag athrú ag amanna éagsúla?

  • Coinníollacha gréine éagsúla.

3. Conas atá an mionteach gloine cosúil le hatmaisféar an domhain? Conas atá sé difriúil?

Coimeádann an domhan teas na gréine, ar nós an chrúsca, ach níl atmaisféar an domhain soladach mar atá an crúsca gloine.

Scaoiltear cuid de na gáis in atmaisféar an domhain amach sa spás agus frithchaitear cuid acu ar ais chuig an domhan. Tarlaíonn an Iarmhairt Cheaptha Teasa go nádúrtha agus is cuid riachtanach den chóras aeráide domhanda í. Tarlaíonn an fhadhb nuair a chuireann gníomhaíochtaí daonna, mar bhreoslaí iontaise a dhó, an iomarca gáis san atmaisféar – coimeádtar níos mó teasa, as a leanann Athrú Aeráide, (lena n-áirítear téamh domhanda agus athruithe ar imshruthú domhanda d’aer agus d’uisce).