Fiosrúchan 5

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Na timpeallachtaí a bhfuil an tóir is mó orthu inár scoil

Príomcheisteanna
Cén chuma atá ar ár dtimpeallacht áitiúil?
Conas a úsáidimid ár dtimpeallacht?

Imlíne
Sa ghníomhaíocht seo déanfaidh na leanaí breathnú ar a dtimpeallacht áitiúil. Déanfaidh siad machnamh ar ghnéithe agus ar dhaoine faoi leith sa cheantar agus déanfaidh siad machnamh ar an tionchar a bhíonn acu ar an timpeallacht áitiúil.


Ullmhúchán
B’fhearr tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo ar lá gur féidir leis na leanaí a gcuid ama a thógáil agus formhór na dtascanna a dhéanamh taobh amuigh.

Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • breathnú ar a dtimpeallacht áitiúil;
  • a chinneadh cibé an bhfuil nithe déanta ag an Nádúr, ag Daoine nó ag an Dá Rud; agus
  • tuairisc a thabhairt ar roinnt den tionchar a bhíonn acu féin ar an gceantar.

Acmhainní

  • Tailte na scoile
  • Bileog (roghnach)
  • Páipéar A3 / dramh-pháipéar
  • Nithe ó mhálaí scoile na leanaí, lón, etc.
Pdf Imscrúdú 5: Cad a bhfuill sé déanta i ndáirire?
Size: 23.5K bytesModified:  8 February 2011, 15:26


Gníomhaíochtaí foghlama

1. Téann na leanaí amach agus labhrann siad faoina dtimpeallacht, lena n-áirítear:


  • gnéithe atá déanta ag an nádúr;
  • gnéithe atá déanta ag an duine; agus
  • gnéithe gur meascán den dá rud iad.

2. Mura bhfuil na gníomhaíochtaí do naíonáin curtha i gcrích ag na leanaí, ba chóir dóibh dul go dtí na háiteanna is fearr leo agus an chúis go dtaitníonn siad leo a phlé.

3. Líonann na leanaí an bhileog imscrúdaithe ‘Cad as a bhfuil sé déanta i ndáiríre?’ chun a gcuid torthaí a thaifeadadh (Imscrúdú 05).

4. Labhrann na leanaí faoin tslí a mbíonn tionchar acu féin ar an timpeallacht.

Nóta

D’fhéadfadh an múinteoir/na leanaí acmhainn ar bith a úsáideann siad ar scoil cheana féin a úsáid maidir leis na gníomhaíochtaí seo. Mar shampla, éiríonn go han-mhaith le úsáid scáthán chun breathnú ar an timpeallacht, mar feiceann na leanaí a dtimpeallacht ‘ó léargas eile’ go hiarbhír.