Fiosrúchan 7

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.




Pacáistiú, pacáistiú, pacáistiú

Príomhcheist
Cá mhéad pacáisithe a úsáidimid?

Imlíne
Cuirfidh na leanaí imscrúdú i gcrích lena fháil amach cá mhéad pacáistithe atá ag an mbia is fearr leo. Pléifidh siad roghanna eile seachas pacáistiú a úsáid.



Ullmhúchán
Bianna a d’fhéadfaí a úsáid:

  • Criospaí: paicéid aonair, málaí móra agus ilphaicéid
  • Brioscaí: paicéid aonair, málaí móra agus ilphaicéid
  • Torthaí: le pacáistiú agus gan pacáistiú

Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • an méid pacáistithe sna nithe a cheannaíonn siad a mheas; agus
  • na roghanna a bhaineann leis na bianna a cheannaíonn siad a phlé.

Acmhainní

  • Raon bianna
  • Rialóirí
  • eangacha aicéatáite 1cm – más féidir sin
  • bileog oibre ‘pacáistiú, pacáistiú, pacáistiú’ (Imscrúdú 07)
Pdf Imscrúdú 7: Pacáistiú, pacáistiú, pacáistiú
Size: 23.9K bytesModified:  8 February 2011, 15:28
Bosca athchúrsála


Gníomhaíochtaí foghlama


1. Baineann na leanaí an clúdach de na bianna, tomhasann siad an pacáistiú agus oibríonn siad amach toisí an ábhair chlúdaigh. Breacann siad na toisí síos ar an mbileog oibre ‘pacáistiú, pacáistiú, pacáistiú’ (Imscrúdú 07).

2. Oibríonn na leanaí amach cé na nithe is mó a bhfuil pacáistiú orthu.

3. Déanann na leanaí póstaeir chun a gcomhdhaltaí a spreagadh le nithe a bhfuil níos lú pacáistithe acu a cheannach.

4. Tugann na leanaí scór don phacáistiú ó 1 (éadrom) go dtí 5 (trom).