Fiosrúchan 8

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Na táirgí a úsáidimid

Príomhcheist
Cad a tharlaíonn do phacáistiú?

Imlíne
Pléifidh na leanaí an méid a d’fhéadfadh nithe ina gcuid boscaí lóin lobhadh. Ina ngrúpaí, déanfaidh siad imscrúdú a phleanáil agus a thabhairt i gcrích le tástáil a dhéanamh ar cé na nithe a lobhfaidh. Le linn an fhiosrúcháin sin beidh orthu tuartha a dhéanamh, fiosrúchán a phleanáil agus a thabhairt i gcrích, a gcuid torthaí a thaifeadadh, agus conclúid a bhaint óna gcuid torthaí.

ullmhúchán
Bailigh na hacmhainní a theastóidh do thorthaí foghlama an imscrúdaithe (féach thíos)

Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • imscrúdú a phleanáil agus a thabhairt i gcrích; agus
  • torthaí a thaifeadadh agus a léirmhíniú, agus conclúidí a bhaint astu.

Acmhainní

  • Raon bianna a d’fhéadfá a fháil i mboscaí lóin de ghnáth. Mar shampla, cineálacha éagsúla aráin, torthaí, ábhair chlúdaigh, scragall stáin, cartáin. Ba chóir go mbeadh go leor nithe ann go mbeadh gach grúpa in ann trí ní éagsúla a thástáil.
    Ná húsáid táirgí feola ná déiríochta
  • Trí nó ceithre mhála sip-ghlasála in aghaidh an ghrúpa
  • Áit éigin le haghaidh na bianna a stóráil ar feadh an imscrúdaithe, e.g. leac fuinneoige, bosca cairtchláir, tábla.
  • An bhileog oibre ‘Bileog Phleanála don Imscrúdú ar Bhia agus ar Chlúdaigh’ (Imscrúdú 08)
Pdf Imscrúdú 8: Imscrúdú ar bhia agus ar chlúdach
Size: 23.8K bytesModified:  8 February 2011, 15:29


Gníomhaíochtaí foghlama


1. Roghnaíonn gach grúpa 3 ní éagsúla, gach ceann ina mhála plaisteach séalaithe féin. Ní osclófar na málaí sin am ar bith i rith an imscrúdaithe ná ina dhiaidh.

2. Chomh luath agus a chuirtear na nithe i dtrí mhála plaisteacha séalaithe éagsúla, ba chóir do na leanaí roinnt tuartha a dhéanamh faoi na nithe agus na tuartha sin a thaifeadadh ar an mBileog Phleanála don Imscrúdú ar Bhia agus ar Chlúdaigh (Imscrúdú 08).

  • Cad iad na nithe a cheapann tú a lobhfaidh?
  • Cén ní a thógfaidh an t-achar is faide le lobhadh?
  • Cén ní nach lobhfaidh ar chor ar bith i rith na dtrí seachtaine?

3. Le linn na 3/4 seachtaine, ba chóir do na leanaí breathnú ar na hathruithe atá ag tarlú ar na nithe, ar a laghad faoi dhó sa tseachtain. Nóta sábháilteachta: Ní mór do na leanaí breathnú ar na nithe atá ag lobhadh tríd an mála plaisteach agus SININ AMHÁIN. Níor chóir dóibh na nithe a bhaint amach as na málaí séalaithe RIAMH. Ba chóir na leanaí a spreagadh a gcuid breathnuithe a thaifeadadh ar an mbileog oibre. D’fhéadfadh siad sin a dhéanamh trí léaráidí nó grianghraif dhigiteacha ag céimeanna éagsúla le linn an imscrúdaithe.


4. Nuair a bheidh an t-imscrúdú thart ba chóir do na leanaí a gcuid torthaí a phlé leis an rang go léir.

5. Roghnach: Piastlann a dhéanamh. Aimsíonn na leanaí péisteanna ar thailte na scoile. Ansin cuireann siad ithir agus duilleoga i gcrúsca milseán mór, glan. Cuireann na leanaí na péisteanna ann. Féadfaidh siad próiseas cosúil leis an imscrúdú thuas a leanúint lena fháil amach cé acu nithe a lobhfaidh agus/nó a íosfaidh na péisteanna. Féach http://www.dlrcoco.ie/kids/WORMS.HTM


Nóta


Ba chóir na leanaí a spreagadh ábhair nár lobh a úsáideadh sa turgnamh agus ar nithe in-athchúrsáilte iad a chur i mbosca bruscair glas chun an teachtaireacht comhshaoil a threisiú.