Fiosrúchan 9

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Cad a dhéanaim...cad a d'fhéadfainn a dhéanamh?

Príomhcheist
Cad a dhéanaimid agus cad a úsáidimid?
Cad a d'fhéadfaimis a dhéanamh chun aire níos fearr a thabhairt don timpeallact?

Imlíne
Sa ghníomhaíocht seo oibríonn na leanaí i ngrúpaí chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid gníomhartha. Tugann siad tosaíocht dá gcuid gníomhartha.


Ullmhúchán
Caithfear gach Pirimid (Imscrúdú 09, cuirtear boscaí breise ar fáil) a ghearradh suas. Féadfaidh na leanaí é sin a dhéanamh agus na gníomhaíochtaí a dhéanann siad cheana féin, nó na cinn a d’fhéadfadh siad a dhéanamh, a chur san áireamh.

Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • Tuairisc a thabhairt ar ghníomhaíochtaí a dhéanann siad agus cur síos a dhéanamh ar na cinn a bhfuil tionchar níos dearfaí agus níos diúltaí ó thaobh an chomhshaoil de.

Acmhainní

  • Páipéar bán, gearrtha ina chearnóga (nó úsáid Imscrúdú 09, leathanach 2)
  • Táirgí ón seomra ranga, e.g. nithe ó bhoscaí lóin nó ó bhoscaí pinn luaidhe
  • Pirimid Ghníomhartha (Imscrúdú 09)
  • Siosúr
Pdf Imscrúdú 9 (1): Cad is féidir liom a dhéanamh? Pirimid ghníomhartha
Size: 262.7K bytesModified:  8 February 2011, 15:29
Pdf Imscrúdú 9 (2): Cad is féidir liom a dhéanamh? Pirimid ghníomhartha
Size: 260.4K bytesModified:  8 February 2011, 15:30


Gníomhaíochtaí foghlama


1. Agus an Phirimid á úsáid: Cóipeáil agus gearr amach na cártaí ar an mbileog phirimide (Imscrúdú 09) agus iarr ar na leanaí iad a chur in ord tábhachta don timpeallacht, ó bharr go híochtar – agus a gcinntí á míniú acu.



2. Smaointe a phlé: Aithníonn na leanaí 10 gníomh a dhéanann siad cheana féin ina nduine is ina nduine, agus tar éis tamaill scríobhann an múinteoir na smaointe go léir ar an gclár dubh.

3. Gníomhartha a roghnú: Roghnaíonn / taifeadann na leanaí 10 gníomh a dhéanann siad nó a d’fhéadfadh siad a dhéanamh agus scríobhtar síos iad ar phíosaí páipéir bháin.

4. Tosaíocht a thabhairt do ghníomhartha: Déanann na leanaí na gníomhartha ina léaráidí a athshocrú ionas go mbeidh na cinn is mó tábhacht ag barr na pirimide agus na cinn is lú tábhacht ag an mbun. Tá sé riachtanach go míneoidh na leanaí a roghanna/a gcuid smaointe.

5. Catagóiriú: D’fhéadfadh na leanaí na cártaí a chatagóiriú mar ‘baile’, ‘scoil’ agus tionchar dearfach/diúltach ar an gcomhshaol, etc.

6. Conclúidí a bhaint as an obair: Ba chóir na leanaí a spreagadh lena gcuid léaráidí a chur i gcomparáid le chéile, mar shampla:

  • D’fhéadfadh an múinteoir a iarraidh ar gach dalta/grúpa an chúis ar chuir siad gníomh faoi leith ag barr na léaráidí a chosaint, agus d’fhéadfaí a fhiafraí de dhaoine eile cén fáth ar chuir siad an gníomh céanna ag an mbun.
     
  • Ba chóir an gníomh “is tábhachtaí” dóibh a fhiafraí de gach duine sa rang. D’fhéadfaí iad sin a chur suas ar an gclár dubh in aghaidh gníomhartha ar leithligh chun “tuairim an ranga” go foriomlán a fháil. D’fhéadfaí an t-eolas sin a úsáid mar bhonn do dhíospóireacht freisin. Malairt roghanna ar an ngníomhaíocht.


  • Tabhair na fachtóirí go léir nó cuid acu do na daltaí roimh ré. Níl le déanamh acu ansin ach teacht ar chúpla ceann eile chun na boscaí folmha a líonadh.
     
  • Tabhair na 10 fachtóir go léir lena mbreithniú, ach bíodh trí cinn díobh mícheart. Tosaíonn na daltaí.
     
  • amach leis na cinn sin a scriosadh amach, agus ansin cuireann siad a gcuid fachtóirí féin ina n-áit.